Peileadóir crua ab ea Roy Keane agus is tráchtaire diana é ar an teilifís freisin – ach lena a hiníon Caragh agus muair a bhíonn sé sa bhaile is daid (agus daideo) grámhar é.

Tá an réalta pheile bródúil as a iníon Caragh, a sheol gnó sláinte le déanaí, tar éis di a bheith ag fulaingt lena sláinte ar feadh na mblianta.

Mhol Roy a iníon Caragh le linn láithriú ar phodchraoladh Stick To Football le déanaí.

View this post on Instagram

A post shared by SUPERKEEN (@superkeenfoods)

Ag caint le Gary Neville, Wayne Rooney agus Ian Wright, chomh maith le Jill Scott, dúirt Roy: "Tá cuideachta ag m’iníon Caragh le cúrsaí sláinte."

Bhí sé ag caint faoin chuideachta Superkeen atá seolta ag Caragh, le raon de ghránaigh (cereals) atá saor ó ghlútan, déiríochta, síolta ola agus cnónna.

Tháinig an smaoineamh chuici tar éis blianta ag troid lena sláinte.

Bhí a cuid fadhbanna chomh dona sin gur cuireadh iallach uirthi imeacht ón bpost a raibh sí ag iarraidh a dhéanamh.

Ar shuíomh Gréasáin Superkeen, scríobh Caragh: "Nuair a bhí mé 25 bliain d’aois bhí orm mo phost aislingeach múinteoireachta a dhiúltú mar gheall ar phian mhór sna hailt (joints), alopecia, agus spuaiceanna (blisters) pianmhara a bhí le feiceáil ar fud m’aghaidh."

Diagnóisíodh í le Lupus, galar uath-imdhíonachta (autoimmune) a dhéanann ionsaí ar chóras imdhíonachta (immune system) an choirp.

Bíonn tionchar aige seo ar an gcraiceann, ar na hailt, ar na horgáin agus ar na cealla fola (blood cells).

"Dúradh liom go gcaithfinn bairr mhuinchille fada (long-sleeve tops) a chaitheamh agus nach mbeinn in ann dul amach faoin ngrian," a dúirt sí.

View this post on Instagram

A post shared by SUPERKEEN (@superkeenfoods)

Dúirt Caragh freisin go dúradh léi go mbeadh uirthi an chuid eile de mo shaol a chaitheamh ar imdhíon-bhrúnna (immunosuppressants) agus go bhféadfadh ceimiteiripe (chemotherapy) a bheith aici amach anseo.

Níos measa fós do Roy Keane agus don chuid eile dá teaghlach, bhraith Caragh náire faoina riocht agus chuir sí an milleán uirthi féin fiú as a cúis.

Le tacaíocht óna muintir agus óna cairde, áfach, d’éirigh léi oibriú tríd an deacracht mhothúchánach a bhí aici agus thosaigh sí ag dul i ngleic leis an tsaincheist.

Mar thoradh ar a cuid taighde fuair sí amach faoin "nasc ríthábhachtach idir aiste bia agus sláinte putóige (gut health)".

Spreag sé sin í chun ithe ar an mbealach is frith-athlastach (inflammatory), agus ar an mbealach is folláine dá potóga.

Laistigh de dhá mhí deir sí gur thosaigh a corp ag éirí níos sláintiúla.

Spreag taithí Caragh í chun Superkeen a sheoladh. Chomh maith lena líne gránach tá sé beartaithe aici raon iomlán táirgí bia a sheoladh in éineacht le héadaí an chomhlachta eile.

Ag trácht ar a cuid iarrachtaí dúirt Roy go bhfuil sé ‘an-bhródúil’ as a iníon.

*This article was originally published on ExtraG.ie.