Tá míniú tugtha ag Joe Canning ar cad a thiomáin Corcaigh go cluiche ceannais na hÉireann – tar éis dóibh an bua a fháil in aghaidh Luimnigh, rud a chuir stop leo cúig cinn as a chéile a fháil.

Bhuaigh na Corcaigh, le Pat Ryan mar bhainisteoir, i gcoinne fhoireann Luimnigh, 1-28 go 0-29, i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Domhnaigh i gcomórtas corraitheach (thrilling).

FULL-TIME

LIMERICK 0-29
CORK 1-28

Comhghairdeas Corcaigh 🔴⚪️@OfficialCorkGAA @LimerickCLG #GAANOW pic.twitter.com/vdGWKAVjBL

— The GAA (@officialgaa) July 7, 2024

Cé go raibh bainisteoir Luimnigh, John Kiely, sásta ag leath ama mar go raibh a fhoireann ag buachan, ghlac Corcaigh smacht ar an gcluiche sa dara leath, agus iad chun cinn le seacht bpointe ag pointe amháin.

Mar sin féin, fiú leis an mbuntáiste seacht bpointe sin acu, bhí na tráchtairí agus an lucht leanúna neirbhíseach.

Bhí a fhios acu go gcríochnaíonn Luimneach go láidre i gcónaí, agus nach stopfaidís go deo den troid chun an bua a fháil.

Agus sin mar a tharla. Scóráil Luimneach ceithre phointe as a chéile gar do dheireadh an chluiche – agus ní raibh Corcaigh ach dhá phointe chun cinn ag an deireadh.

Ach ba leor é. Agus anois tá siad tríd go dtí cluiche ceannais na hÉireann a imreofar Dé Domhnaigh, 21 Iúil.

Tar éis an chluiche leathcheannais in aghaidh Luimnigh, mhol íocón iomána na Gaillimhe, Joe Canning, teacht aniar, Corcaigh.

Dúirt sé: "An bhféadfá é seo a shamhlú tar éis an chéad dá bhabhta de Chraobh na Mumhan?

"B’éigean dóibh imirt in aghaidh Luimneach síos i bPáirc Uí Chaoimh agus bheidís imithe as an gcomórtas do Chraobh na hÉireann, dá gcaillfidís é sin.

"Ba é an 73ú nó 74ú nóiméad a bhí ann go dtí go ndeachaigh siad chun cinn arís, agus ansin bhuaigh siad an cluiche.

"Is farasbarr (margins)  iontacha iad a shocrófar an mbeidh bliain rathúil nó bliain an-dona agat."

Agus mhínigh laoch iomána na Gaillimhe ansin cad atá á dhéanamh ag Corcaigh atá difriúil.

"An bhfuil a fhios agat cad é? Tá plean chluiche difriúil á imirt acu, nach bhfuil á imirt ag na foirne eile. Sé sin leis an triúr istigh," a dúirt sé.

"Ag tús an dara leath, chuaigh gach poc amach i bhfad síos ar bharr Brian Hayes agus fuair siad seans leo sin, agus fuair siad na scóir freisin.

"Chuaigh gach poc amach síos Bealach a hAon (Route One). . Is smaoineamh den seandéanamh (oldschool) é, ach oibríonn sé dóibh."

Tabharfaidh Corcaigh aghaidh ar an gClár anois i gcluiche ceannais na hÉireann imreofar Dé Domhnaigh, 21 Iúil.

*This article was originally published on ExtraG.ie.