Tá an Ghaeilge i mbéal an phobail arís – agus cé go mbíonn daoine áirithe den tuairim gur spreag Kneecap é seo, is léir go bhfuil daoine óga ar fud na hÉireann ag cuidiú leis.

Tá an teanga ag éirí faiseanta de bharr go bhfuil réaltaí phop-chultúr na hÉireann ag cur an Ghaeilge chun cinn – réalta cosúil leis an TikTokadóir Lauren Whelan agus daoine eile.

Cuireann Lauren Whelan físeáin i láthair i nGaeilge agus go minic déanann sí cur síos ar an smideadh a úsáideann sí, cúram craicinn, agus cúrsaí faisin.

@laurenwhelxn Another GRWM as Gaeilge ! 🤍 #grwm #irish ♬ original sound - Ur tiktok gf

Agus labhair Kayleigh Trappe ó "Dancing with the Stars" le déanaí faoi cé chomh tábhachtach is atá sé an Ghaeilge a choinneáil beo.

Agus í ag labhairt di ar an gclár "Upfront with Katie Hannon" ar RTÉ le déanaí, mhínigh Kayleigh go bhféadfadh cruthaitheoirí ábhair aird a tharraingt ar an teanga i gcaoi spraíúil agus siamsúil.

Agus ar ndóigh tá daoine eile ag cur na Gaeilge chun cinn sna meáin nua ar bhealaí éagsúla.

Bhí Barra Ó hÉineacháin mar láithreoir le TG4 sular éirigh leis suíochán a bhaint amach sa Dáil.

Agus le déanaí bhí sé le feiceáil ar an gclár "Grá ar an Trá."

Bhí Lauren ag labhairt ar "Upfront with Katie Hannon" agus rinne sí cur síos ar an ngrá atá aici don teanga agus an chaoi gur éirigh léi 1.7 milliún leantóir a fháil.

Dúirt sí: "D’fhreastail mé ar Ghaelscoil agus rinne mé mo scrúdaithe ar fad trí Ghaeilge agus bhí grá agam don teanga i gcónaí.

"Ag éirí aníos, d’fhreastail an-chuid de mo chairde ar scoileanna lán-Bhéarla agus chuir sé díomá orm nach raibh mé in ann Gaeilge a labhairt leo mar a bhí mé in ann a dhéanamh le mo chairde ón nGaelscoil agus an Ghaeltacht."

Dúirt Kayleigh go ndearna sí an cinneadh freastal ar mheánscoil lán-Ghaeilge cé gur fhreastal sí ar bhunscoil lán-Bhéarla agus ní raibh Gaeilge ag a tuismitheoirí.

Dúirt sí: "Ní raibh cúlra agam sa teanga, ach is cuimhin liom a bheith ar scoil agus bhí mothúchán ar leith agam… Thaitin sé go mór liom go ndearna siad ceiliúradh ar ár gcultúr.

"Tugann sé inspioráid dom mo theanga a labhairt, agus tuigim go dtugann sé inspioráid do neart daoine eile mar chonaic mé daoine eile ag déanamh físeán.

"Tá sé spraíúil. Caithfimid í a chaomhnú mar tá sí go hálainn."

Bhí Lauren sa slua nuair a dúirt sí é sin agus bhí sí den tuairim go raibh an Ghaeilge ag dul i bhfeidhm ar dhaoine óga mar bhí an-chuid dóibh ag dul ar imirce.

Dúirt sí: "Tá cineál tírghrá nua ag daoine a dteastaíonn uathu nasc a bheith acu lena gcultúr ar eagla go gcaillfidh siad é agus iad thar lear."

Toghadh Barra Ó hÉineacháin san olltoghchán deireanach – agus bhí sé le feiceáil ar Grá ar an Trá.

D’fhógair sé go mbeadh sé ag glacadh páirt ar an gclár sular toghadh é go Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus rinne scannánaíocht don chlár dhá lá tar éis a toghadh é.

Bhí Barra mar láithreoir le TG4 sular éirigh leis suíochán a fháil.

"Ar cheap mé go mbeinn i mo TD? Níor cheap," a dúirt sé.

*This article was originally published on ExtraG.ie.