Na cláir teilifíse agus na scannáin is fearr atá le feiceáil an tseachtain seo ar TG4.
TG4 ar Dé Luain
Ainmhithe na hÉireann, 7.30pm
Ainmhithe feirme agus an dúlra thart orthu a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Beidh cur síos freisin ar an mbéaloideas a bhaineann le cuid acu. Tuairim is 6,500 bliain ó shin a tháinig an bhó go hÉirinn.
Scannán: Cardboard Gangsters, 9.30pm
Bíonn grúpa stócaigh as Darndál i mBaile Átha Cliath ag iarraidh a bheith ina drongadóirí mar ceapann siad go dtagann airgead, cumhacht agus mná le saol an drongadóra. (2017).
Is iad John Connors, Fionn Ó Loingsigh agus Kierston Wareing na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Mark O’Connor.
TG4 ar Dé Máirt
Moving West, 7.30pm
Tabharfar aghaidh siar ar Chontae Dhún na nGall sa gclár seo. Bhí Teresa Mullaney agus a fear céile Noel ina gcónaí i Muineachán sular bhog siad go Fánaid. Bíonn Teresa ag obair ina treoraí turais i dteach solais Fhánada anois.
7 Lá, 8pm
Beidh clúdach speisialta ar thoghchán uachtaránachta na Stáit Aontaithe beo ó Nua Eabhrac inniu agus amárach.
Beidh clúdach speisialta ar thoghchán uachtaránachta na Stáit Aontaithe beo ó Nua Eabhrac ar @TG4TV Dé Máirt & Dé Céadaoin le @mairinnighadhra Bígí linn #USElection pic.twitter.com/L07I4chB0a
— 7 LÁ (@7LATG4) November 2, 2024
Ros na Rún, 8.30pm
Tá Micheál ag iarraidh dul ar ais taobh thiar den gcuntar i dTigh Keane. Conas a mhíneoidh Laoise cén fáth go bhfuil Sonny ann, an bhfuil sé ag éirí luathintinneach leis na pleananna gnó?
Tá cuairteoir gan choinne ag Laoise. Tá Vanessa cosantach agus leochaileach agus í ag streachailt le cúrsaí airgid agus buartha faoi Fhia.Tá cúnamh á thairiscint ag Bobbi Lee a fhad is a thosaíonn sí a cuid fiosrucháin féin, an mbeidh Cam in ann oscailt súl a thabhairt faoin saol sa phríosún?
Tá Crystal ag streachailt, tá a dáileog piollairí ag teastáil uathi. Cuireann Sonny fios ar iar-andúileach le comhairle a chuir orthu. An gcuirfidh Crystal fáilte roimh chomhairle sheachtrach nó an gcruthóidh sé seo níos mó fadhbanna?
Tá Bobbi Lee ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh le croí cosantach Chaitríona, agus tá David soineanta ag cur a scileanna baile i láthair. An mbeidh Caitríona níos oscailte do chaint Bobbi Lee.
TG4 ar Dé Céadaoin
Scannal, 7.30pm
Tugtar léargas sa gclár seo ar scéal May agus Séamus McGee. Bhuaigh siad cás cúirte in aghaidh an Ard-Aighne sa Chúirt Uachtarach in 1973, rud a chuir deireadh go bunúsach leis an gcosc a bhí ar fhrithghiniúnaigh a dhíol in Éirinn.
7 Lá, 8pm
Clúdach speisialta ar thoghchán uachtaránachta na Stáit Aontaithe beo ó Nua Eabhrac.
Is Mise le Mess, 8.30pm
Tá Derena, Síle agus Colleen sa tóir ar shalachar agus truflais agus rún acu tithe na tíre a ghlanadh. Tugann na mná aghaidh ar an Iúr chun teach Daria a ghlanadh sa gclár seo. Beidh a ndóthain le déanamh ag an mná sa teach seo!
Iniúchadh, 9.30pm
Bricí Lochtacha, Pobail Bhriste. Tá sé deich mbliana ó tháinig scéal na mbrící lochtacha chun solais, fiosraíonn Kevin Magee na fadhbanna atá ag daoine leis an scéim cúitimh. Labhraíonn sé leo siúd atá ina gcónaí i dtithe atá ag titim as a chéile ach nach bhfuil in ann leas a bhaint as an scéim.
TG4 ar Déardaoin
Seal le Dáithí, 7.30pm
Beith Dáithí Ó Sé ag caint le Seathrún Sardina. Rugadh agus tógadh é i San Diego Mheiriceá agus is ann a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus a thosaigh sé ag cur Pop Up Gaeltacht ar bun. Tá Seathrún ag freastal ar Ollscoil na Tríonóide agus tá sé i mbun tráchtais.
Scéalta ár Stampaí, 8pm
Fiosraíonn David Gough an léargas a thugtar ar chúrsaí spóirt ar stampaí na tíre, buaileann sé le Jerry Grogan, an Dr. Cathal Billings, an lúthchleasaí Michelle Finn and Cuan Ó Seireadáin.
Ros na Rún, 8.30pm
Tá fearg atá fréamhaithe go domhain ag Cam fós ó na blianta a chaill sé nuair a bhí sé sa phríosún. Tá Sonny ag cur brú ar an gclann a bheith níos tacúla le Crystal. Ligeann Crystal a hintinn níos mó le Mack agus nochtann sí níos mó dá rúin. Cé go bhfuil cuma gnaíúil air, tá fuath Cam do Crystal go smior ann.
An bhfuil Laoise sásta go bhfuil a neacht anseo lena hintinn a tharraingt? Feiceann Micheál taobh difriúil de Penny nuair a thagann athrú mailíseach ar a pearsantacht ghalánta sa chógaslann. Tagann an dá thaobh de phearsantacht Penny chun cinn; neacht dheas Laoise i gcoinne an tionchaire ar líne. An bhfuil sí ag iarraidh baile a dhéanamh as Ros na Rún di féin?
Iarrann John Joe ar Vince, conas mar atá sé tar éis an lámhach i dTigh Thaidhg? Feiceann Caitríona an cairdeas eadarthu agus ní mó ná sásta atá sí leis. Tá fadhbanna lena máthair ag Michelle, mar a chéile le Cam, agus tá a cuid fadhbanna á seachaint ag Michelle.
Fíorscéal, 10.30pm
Chuir an tUachtarán Joe Biden 1,200 billiúin dollar ar fáil chun bonneagar Mheiriceá a chóiriú ach an leor sin? Tá sláinte agus sábháilteacht mhuintir Mheiriceá i mbaol ó tharla go bhfuil bonneagar na tíre ligthe i bhfaillí.
Dé hAoine
Dúirt Bean Liom, 7.30pm
Saol geandála na linne seo, sceitimíní an phósta, crá croí is uaigneas, agus na caidrimh thábhachtacha eile a chothaíonn grá agus gean a phléifear inniu. Le Síomha Nic Aonghusa, Étáin Ní Churraoin agus an scríbhneoir Nuala Ní Dhomhnaill.
Dan Breen – My Fight for Irish Freedom, 8pm
Clár faisnéise faoi shaol Dan Breen, an fear a chuir tús le Cogadh na Saoirse sa tSolchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann i 1919. An lá céanna ar shuigh an chéad Dáil i mBaile Átha Cliath.
An Western: Guns of the Magnificent Seven, 9pm
Tá an ‘gunslinger’ Chris Adams fostaithe ag réabhlóidí ó Mheicsiceo chun drong a chur le chéile chun ceannaire an éirí amach a tharrtháil ó phríosún brúidiúil Airm. (1969). Le George Kennedy, James Whitmore, Reni Santoni, Frank Silvera agus Bernie Casey.
Dé Sathairn
Scannán: Quiz Show, 9.35pm
Fiosraíonn dlíodóir óg, Richard Goodwin, seó cluiche a d’fhéadfadh a bheith truaillithe. Tá Charles Van Doren, buaiteoir an seó mór le rá, faoi imscrúdú Goodwin. (1994) Le John Turturro, Rob Morrow, Ralph Fiennes, David Paymer, Paul Scofield.
Dé Domhnaigh
Junior Eurovision: Hola Enya!, 8.30pm
Beidh an Junior Eurovision ar bun i Maidrid faoi cheann seachtaine. Is í Enya Cox Dempsey a bheidh ag canadh thar ceann na hÉireann agus tá sí ag fáil faoi réir don chomórtas ollmhór seo. Hola Enya!
Gael Linn ag 70, 9.30pm
Clár siamsaíochta & ceoil le ceiliúradh a dhéanamh ar Ghael Linn atá 70 bliain i mbliana, eagraíocht a chur ina luí ar an bpobal go raibh luach leis an nGaeilge agus gur bhain an Gaelachas leis an saol comh-aimseartha.
*This article was originally published on ExtraG.ie.
Comments