Irish actor Damien Molony as Gabriel, the 'hot plumber,' in "Derry Girls."Damien Molony, X

Is é an Jim Bergerac nua, aisteoir téisiúil (hot actor) Éireannach, a fuair a chuid oideachais i gColáiste Clongowes.

Beidh sé ina réalta san athdhéanamh de cheann de na sraitheanna clasaiceacha móra teilifíse sa Bhreatain, "Bergerac."

Glacfaidh Damien, a bhfuil aithne air freisin as a róil sna seónna teilifíse "The Split" agus "Brassic", an ról a bhí ag John Nettles sna hochtóidí.

Dúirt Damien, atá 40 bliain d’aois anois agus atá ina athair do bheirt pháiste: "Tá mé thar a bheith ar bís as bheith ag tabhairt faoi ról Jim Bergerac.

"Tá oidhreacht dochreidte fágtha ag John Nettles, agus tá súil agam gur féidir liom dearcadh úrnua a thabhairt ar an gcarachtar íocónach seo."

Is dócha go n-iompóidh ról Molony, sa leagan athshamhlaithe (reimagined) den dráma bleachtaireachta clasaiceach, é ina dhuine de na réaltaí teilifíse is mó ar an taobh seo den Atlantach.

Bhí roinnt réalta móra – lena n-áirítear réalta "Doctor Who" David Tennant, James Norton ó "Happy Valley "agus réalta "Poldark" Aidan Turner – nasctha leis an seó.

Ní raibh ról lárnach ag Molony i "Derry Girls" – ach is cinnte go raibh sé i gcuimhne an lucht féachana.

Cuimhníonn muid ar Ghabriel, an pluiméir ‘téisiúil’, a raibh amhras air go raibh caidreamh aige le máthair Erin, Mary.

D’éirigh thar barr leis an tsraith bhunaidh "Bergerac" nuair a taispeánadh ar BBC í idir 1981 agus 1991.

Beidh an tsraith seo difriúil ach tá cosúlachtaí ann.

Buailfidh an lucht féachana le "Bergerac" mar fhear briste, ag dul i ngleic le brón agus alcólacht tar éis bhás a mhná céile le déanaí.

Mar sin féin, caithfidh sé a streachailtí pearsanta a chur ar thaobh amháin nuair a dhúnmharaítear bean de theaghlach saibhir ar Gheirsí (Jersey).

Sa tsraith bhunaidh, bhí ar Bergerac dul i ngleic lena athair céile, fear gnó Charlie Hungerford, agus Terence Alexander nach maireann sa ról.

Glacann máthair-chéile "Bergerac" an ról an uair seo, agus Zoe Wanamaker sa ról sin, a bhfuil aithne uirthi mar phríomhpháirt sa sitcom "My Family."

Beidh Philip Glenister, a bhfuil aithne air mar DCI Gene Hunt in "Life on Mars" and "Ashes to Ashes," ina chomhréalta mar charachtar Arthur Wakefield.

Tá formáid an seó athraithe. Murab ionann agus an bunleagan, beidh ceist dúnmharaithe amháin ag an tsraith nua thar na sé eipeasóid, seachas scéal nua do gach eipeasóid.

Níl John Nettles, atá 80 bliain d’aois anois, ag ceiliúradh an leagan nua de "Bergerac."

An tseachtain seo caite dúirt an t-aisteoir, a chuaigh ar aghaidh le bheith mar réalta i "Midsomer Murders", gur dhiúltaigh sé ról cameo sa tsraith nua mar gur bhraith sé go raibh sé ró-shean don pháirt.

Chomh maith leis sin, i mí na Bealtaine, fiafraíodh de Nettles cé ar cheart an réalta a bheith mar Bergerac agus dúirt sé: "Níl aon smaoineamh agam. Le bheith macánta, ní féidir liom duine ar bith a shamhlú sa ról seachas mé fhéin."

Dúirt sé: "Ní féidir liom a fheiceáil conas a oibreoidh sé. Bhain an seó le 'Thatcherite Britain,' tráth a raibh airgead gasta ann agus cailíní áille."

* This article was originally published on ExtraG.ie.