Conan O'Brien.Getty

Tá Emmy buaite ag Conan O’Brien i rannóg na nEalaíon Cruthaitheach de na gradaim don seó ina raibh sé ar "Ron na Rún".

Thug O’Brien cuairt ar Éirinn le haghaidh clár dá shraith thaistil, "Conan O’Brien Must Go", ar HBO Max, agus ba é an buaicphointe ná a ról ar an tsraith de chuid TG4.

Baineann an clár, a bhuaigh sa chatagóir, "Sár Scríbhneoireacht do Chlár Neamhfhicsin", le hiarracht O’Brien teach ar fréamhacha a mhuintire in Éirinn.

Chomh maith le "Ros na Rún" thug sé cuairt ar Phlas Barack Obama i dTiobraid Árann agus d’fhoghlaim sé cúpla focal Gaeilge.

Don ról a bhí aige ar "Ros na Rún" bhain sé "Fear na mBalún" amach.

Chun an gradam a cheiliúradh dúirt "Ros na Rún" ar a leathanach baile ar Facebook: "Emmy buaite ag "Conan O’Brien Must Go" don chlár ina raibh Ros na Rún ann.

"Thug Conan O’Brien cuairt orainn i mí Eanáir don tsraith taistil nua atá aige agus tá an clár a déanadh in Éirinn théis Emmy a bhuachaint do scríbhneoireacht chumasach do chlár neamhfhicsean.

"Má chaill sibh Conan O’Brien ar 'Ros na Rún', is féidir breathnú air anois ar Sheinnteoir TG4 nó ar chainéal YouTube 'Ros na Rún'."

le linn dó a bheith ar Ros na Rún bhuail O’Brien leis an tábhairneoir clúiteach Tadhg Ó Direáin.

Agus níor éirigh go maith le Tadhg agus "Fear na mBalún".

Mar sin féin roinn an stáisiún Gaeilge físeán freisin de Chonan ag cleachtadh dá chéad ról aisteoireachta le Gaeilge.

Tá O’Brien, a bhí roimhe seo ina scríbhneoir scripte do The Simpsons agus "Saturday Night Live", le feiceáil ag streachailt leis an Ghaeilge.

Is é Macdara Ó Fátharta atá i ról Tadhg agus tar éis dó cuidiú le Conan lena chuid Gaeilge, cloistear Macdara ag rá: "I was slow coming in.'

Ach d’fhreagair O’Brien: "You’re never the problem here. I think we know what the problem is. Gee, I wonder what’s wrong with this scene."

Níos déanaí deir sé: "We’re probably going to get an Oscar for this."

Níl na hOscars amach go fóill ach tá Emmy acu. Mar sin, tús maith!

Tá an nasc le YouTube anseo:

Agus tá an nasc le Seinnteoir TG4 ANSEO.

* This article was originally published on ExtraG.ie.