Seo cuid de na cláracha is fearr a bheidh ar TG4 an tseachtain seo, an spórt ar fad san áireamh.

"Sicario", Dé Luain, 9:30 pm

Is scannán scéinséir aicsean (action thriller) Meiriceánach seo ar TG4 ó 2015 é "Sicario" atá stiúrtha ag Denis Villeneuve, scríofa ag Taylor Sheridan agus a bhfuil Emily Blunt, Benicio del Toro, agus Josh Brolin na príomhaisteoirí.

Leanann sé gníomhaire speisialta an FBI atá i dtascfhórsa rialtais chun ceannaire cairtéil drugaí Mheicsiceo cumhachtach agus brúidiúil a thabhairt anuas. Roghnaíodh Sicario chun dul san iomaíocht don Palme d’Or ag Féile Scannán Cannes 2015.

🍿 Scannán an Luain 🍿

🎞️ Sicario ANOCHT 21:30 pic.twitter.com/zefL8iBu9t

— TG4 (@TG4TV) October 7, 2024

"Ros na Rún", Dé Máirt, 8:30 pm agus 11:10 pm

Tá Micheál ag luí san Aonad Dianchúraim, gan chorraí le Laoise agus Réaltín lena thaobh. Téann rudaí in olcas nuair a mholann an dochtúir dóibh bheith ullamh don toradh is measa. Níos déanaí, tá Berni agus Laoise ag cur an mhilleáin uilig ar O’Shea faoi thaom Mhichíl go dtí go dtuigeann Laoise gur uirthi féin atá an locht. An ndúiseoidh Micheál?

Tá Crystal ag ligean uirthi go bhfuil a pian i bhfad níos measa ná mar atá sé agus í ag súil go bhfaighfidh sí níos mó cógas ar oideas, ach fágann sí an choinne ar mire.

Cinneann sí beart a dhéanamh í féin, agus tugann sí a haghaidh ar chógaslanna éagsúla le plean. In ainneoin piollaí a fháil, an ligfear an plean seo léi?

Tá Caitríona ag streachailt lena chuid mothúcháin do David, agus níos déanaí sa lá, airíonn sí go bhfuil sí ag déanamh rudaí beaga chun cabhair a thabhairt dó.

Bíonn Caitríona ag iarraidh aird a tharraingt den scéal, ach sceitheann sí a rún le Bobbi Lee. Tugann Bobbi Lee comhairle di ach an bhfuil aon rud in ann a haird a tharraingt ó na mothúcháin seo?

"Iarsmaí," Dé Céadaoin, 9:30 pm

Is clár faisnéise é Iarsmaí atá léirithe ag an gcomhlacht Dearcán Media le Deaglán Ó Mocháin. Is é Damien McCann a stiúrann agus is í Rosie McNally a léirigh.

Scrúdaíonn an clár faisnéise seo na bailiúcháin ealaíne agus píosaí stairiúla a goideadh ó thíortha éagsúla ag tíortha Impiriúla agus nár tugadh ar ais riamh.

Ós rud é gur TG4 é seo, áfach, ní stopann sé ansin. Cuireann an clár faisnéise ceisteanna ar choilíniú agus ar dhíchoilíniú in Éirinn – agus ar ról na hÉireann freisin mar áit chónaithe na gcoilínithe agus na ndaoine coilínithe.

Tá go leor cainte ar dhéantúsáin a thabhairt ar ais go dtí na háiteanna as ar goideadh iad ach is náisiúin chumhachtacha fós iad na tíortha sin a ghoid iad agus tá siad á ndiúltú.

I go leor meáin Éireannacha, Briotanacha agus Mheiriceá, tugtar díospóireacht air seo. Ní díospóireacht í, áfach. Táthar ag rá leo gur cheart dóibh an méid a ghoid siad a thabhairt ar ais, agus tá siad á diúltú é a dhéanamh.

Féachann an tsraith freisin ar an mbealach inar spreag agóidí Black Lives Matter go leor staraithe chun stair an impiriúlachais a scrúdú. Tá an ghluaiseacht sin tar éis a bheith ag tabhairt aghaidh ar an insint ar stair na hAfraice agus tíortha eile mar atá scríofa acu siúd a ghlac go bunúsach den tuairim gurb é ‘ualach an fhir bháin’ é.

Agus spreag Black Lives Matter daoine eile in Éirinn le scrúdú a dhéanamh ar ról an impiriúlachais in Éirinn.

Scrúdaíonn Iarsmaí stair chasta na mbailiúchán eitneagrafaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain, ag díriú ar ábhar Bundúchasach a goideadh, ar Colonial Legacies Project, Coláiste na Tríonóide, agus ar dhéantáin ón Nigéir.

"Seal le Dáithí", Déardaoin 7:30 pm

Beidh Dáithí Ó Sé ag caitheamh seal le Brendan Ó Dufaigh sa chlár seo ar TG4.

Tá baint ag Brendan Ó Dufaigh leis an nGaeilge le blianta fada. Oibríonn sé i gColáiste Gaeltachta Rann na Feirste i rith an tsamhraidh agus d’oibrigh sé le Gael Linn ar feadh cúig bliana. Bhí baint aige freisin le bunú Ghaelscoil Ultain i 1986 agus tá sé ina chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta na scoile faoi láthair. Bhí baint aige freisin le bunú Gaelscoil Lorgan i mBaile na Lorgan i 2008 agus bhí sé ina chathaoirleach aonair ar an mBord Bainistíochta go dtí seo. Tá sé ina chathaoirleach freisin ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Eois i gCluain Eois. Tá sé ina stiúrthóir ar thrí naíonra i gCo. Mhuineacháin.

 "Scéalta ár Stampaí", Déardaoin, 8 pm

Tá léargas le fáil ar chuid de stair agus scéalta na hÉireann trí súil a chaitheamh ar na híomhánna atá ar stampaí poist.

Mar sin sa tsraith seo ag TG4 fiosróidh seisear na scéalta a bhaineann leis na híomhánna atá le feiceáil ar stampaí na tíre.

Fiosraíonn Eoin Ó Catháin an chaoi a léirítear cúrsaí polaitíochta. Buaileann sé leis an bpolaiteoir Mary Hanafin, leis an gcartlannaí Stephen Ferguson agus leis an staraí an Dr Kerron Ó Luain.

"Ros na Rún", Déardaoin 8:30 pm agus 11:35 pm

Tá drugaí á lorg ag Crystal i ngach áit. Tar éis di gar a iarraidh ar Mack, is léir di nach dtiocfaidh aon rud as. Bíonn ar Crystal céimeanna éigeandála a ghlacadh, agus socraíonn sí ar chuairt a thabhairt ar Mhicheál. Ach an bhfuil Crystal chomh caolchúiseach agus a cheapann sí, nó an bhfuil fios a gnó ag Cam?

Tá sé beartaithe ag O’Shea "Ros na Rún", a fhágáil inniu agus í ciaptha ag cur an milleán uirthi féin as taom Mhichíl. Idir an dá linn, tá Laoise faoi bhrú an fhírinne a cheilt ó O’Shea chomh maith le bheith ag súil go gcoinneoidh O’Shea a béal dúnta.

Ach cén fhad a fhanfaidh na rúin seo uilig faoi cheilt?

Ní mó ná sásta a bhíonn Sonia le Colm nuair nach gcuireann sé í ar an eolas faoina sean phost. Níos déanaí, nuair a fheiceann sí Colm agus Mo le chéile, airíonn sí míshuaimhneach go bhfuil siad ag éirí cairdiúil lena chéile arís. Ar cheart di bheith buartha nó an duifean mór ar bheagán fearthainne atá i gceist?

Spórt ar TG4

"GAA 2024", Dé Luaon 8 pm, Dé Máirt 3:30 am, Dé Sathairn, 9:50 am

Buaicphointí CLG ó cheann ceann na tíre.

"Red Bull Cliff Diving", Dé Sathairn, 10:50 am

Buaicphointí ó Antalya na Tuirce de Shraith Domhanda Red Bull 2024 sa tumadóireacht d’aill. Feicfear 24 de na tumadóirí is fearr ar domhain ag corraí agus ag casadh san aer agus iad ag léim d’aillte atá 27m ar airde.

"AFL Aussie Rules na mBan", Dé Sathairn, 2:30 pm

Craoladh iarbheo ar chluiche sa seachtú babhta de shéasúr an AFLW. Tá go leor imreoirí Pheil na mBan as Éirinn ag imirt san AFLW, Niamh Kelly, Vikki Wall, Sarah Rowe agus Orla O’Dwyer ina measc.

"Sacar na mBan Beo", Dé Sathairn, 4:15 pm - BEO

Tá deireadh Phríomhroinn na Ban 2024 buailte linn. Bronnfar an corn ar na buaiteoirí tar éis na gcluichí deireanacha sa tsraith. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Cheallaigh.  

"Rugbaí Beo", Dé Sathairn, 7:45 pm - BEO

An t-aicsean is fearr ón gCraobh Rugbaí Aontaithe. Craoladh beo ó Staid Kingspan ar an gcluiche idir Connachta agus Ulaidh sa gceathrú babhta den chraobh úr.

"Cluichí na Bliana", Dé Domhnaigh, 3:15 am

Deis eile cluiche cáilithe de Chraobh TG4 i bPeil na mBan idir Ard Mhacha agus Maigh Eo a fheiceáil go luath ar maidin.

"AFL Aussie Rules na mBan", Dé Domhnaigh, 12:00 pm

Craoladh iarbheo ar chluiche sa seachtú babhta de shéasúr an AFLW. Tá go leor imreoirí Pheil na mBan as Éirinn ag imirt san AFLW, Niamh Kelly, Vikki Wall, Sarah Rowe agus Orla O’Dwyer ina measc.

"GAA Beo at TG4", Dé Domhnaigh, 2:15 pm agus 4:25 pm - BEO

Craoladh beo ar Chraobhacha na gClub CLG. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

"Cuimhní Órga Spóirt", Dé Domhnaigh, 6:10 pm

Deis eile cluichí móra Iománaíochta na bliana a fheiceáil.

Chun féachaint ar cliceáil ar TG4.ie.

* This article was originally published on ExtraG.ie.