Gearóid Ó Cairealláin (R) and Mhóglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin).@KNEECAPCEOL, X

Tá Kneecap á moladh as cuidiú le suim sa Ghaeilge a athbheochan do ghlúin iomlán nua. Agus cén fáth nach mbeidís?

Cuireadh tús leis an réabhlóid roimh Kneecap, áfach; agus duine de cheannairí móra na réabhlóide sin ba é Gearóid Ó Cairealláin, athair Mhóglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin).

Tá ómós á thabhairt do Ghearóid, a fuair bás in aois a 67.Ceannródaí agus mór-cheannaire ghluaiseacht na Gaeilge, a thug Conradh na Gaeilge air.

Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1995 go 1998. Agus bhunaigh sé go leor tograí Gaeilge, ina measc Preas an Phobail i 1981 agus an chéad nuachtán laethúil Gaeilge, Lá, i 1984.

Bhí sé ina bhall bunaithe agus ina thacadóir ar feadh an tsaoil d’Aisling Ghéar, Raidió Fáilte, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Meánscoil Feirste, in iarthar Bhéal Feirste.

Chomh maith leis sin scríobh agus stiúir clárachaí faisnéise do TG4, ina measc: Siobhán, beathaisnéis an aisteora, Siobhán McKenna, Sos Cogaidh/ Ceasefire agus Olc an Ghaoth, clár faoi New Orleans tar éis thubaiste Katrina.

Scríobh sé drámaí don stáitse: Úr Te Bruite, In Ainm an Rí agus Cathal Buí; agus scríobh sé aistriúcháin freisin, ina measc, Ag Fanacht le Godot, Damhsa ag Lughnasa, Bailegangaire.

Agus scríobh sé The Wheelchair Monologues, seó aonair a léirigh sé féin faoina shaol tar éis stróc. 

Thug Kneecap ómós do Ghearóid ag ceolchoirm mhór i mBéal Feirste oíche Shathairn, cúpla uair tar éis dó a bhás a fhógairt.

Seo é ómós Kneecap dó: "Tá Gearóid Ó Cairealláin, athair le Móglaí Bap, imithe ar shlí na fírinne aréir.

"Ba réabhlóidí teanga, gníomhaí pobail, athair agus fear céile grámhar, agus inspioráid do chuid mhór daoine é.

"Tá muid croíbhriste.

"Anocht ag Ionad SSE, beidh an cheolchoirm is mó Gaeilge riamh i stair na cathrach ann.

"Níl rud ar bith eile a chuirfeadh an oiread céanna bróid air ná seo.

"Ar dheis Dé go raibh a anam."

Sin mar a scríóbh Kneecap faoi.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán reatha ar Chonradh na Gaeilge: "Thar ceann Chonradh na Gaeilge, an Choiste Ghnó, na gcraobhacha, na foirne agus ár mball ar fad, déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean Bríd, lena mhic Ainle, Cairbre agus Naoise, lena chlann uile, a chuid cairde agus le pobal Gaeilge Bhéal Feirste.

"Is ríléir do chách an lorg ollmhór a d’fhág Gearóid ar ghluaiseacht na Gaeilge, ní amháin i mBéal Feirste, ach fud fad na hÉireann, le linn a shaoil.

"Mairfidh an oidhreacht shaibhir sin go deo. Go raibh míle maith agat, a Ghearóid agus suaimhneas síoraí ort."

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh: "Tá croíthe phobal na Gaeilge i mBéal Feirste faoi bhrón inniu agus muid ag smaoineamh ar Ghearóid Ó Cairealláin, ar a chlann agus ar a chuid cairde go léir.

"Ní bheadh pobal na Gaeilge, mar a thuigeann muid anois é, ann murach iarrachtaí Ghearóid.

"Ba cheannródaí pobail, cheannaire sna meáin chumarsáide agus gníomhaí teanga déanta é.

"Cuimhnímis ar Ghearóid Ó Cairealláin mar mhór-ailtire na hathbheochana. Ní bheadh Lá, Aisling Ghéar, an Chultúrlann, Raidió Fáilte, nó Coláiste Feirste againn, murach Gearóid Ó Cairealláin, gan chaint ar na scórtha de thionscadail agus feachtais eile a thiomáin sé chun cinn ar feadh a shaoil.

"Bhí ról claochlaitheach aige in athbheochan na teanga, i mBéal Feirste ach go háirithe, áit ar thug sé dúshlán leanúnach an stáit ar son chearta teanga agus comhionannais.

"Leanfaidh muid ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge, ag tógáil pobail teanga, agus ag samhlú domhain úir, in onóir ár gcarad, Gearóid Ó Cairealláin."

*This article was originally published on ExtraG.ie.