Is féidir teacht ar bunús Oíche Shamhna na mílte bliain ó shín, go dtí an fhéile págánach Cheilteach, Samhain.
Dúirt Cliona Purcell, coimeádaí (curator) iarsmalann Mhaoin Phort Láirge (Waterford Treasures museums), go raibh an traidisiún ann ag ‘tús an gheimhridh agus deireadh na dea-aimsire.
"Bheadh beostoc faoi ghlas agus bhí athruithe móra san fheirmeoireacht."
De réir na scéalta, d’fhill anamacha na marbh ar an talamh agus bhí an teorainn idir bheo agus mhairbh níos tanaí.
"Bhí daoine gléasta chun iad féin a cheilt ón bpúca," a dúirt Cliona, atá 29 bliain d’aois.
"D’athrófaí nó d’imigh na rialacha ar fad. Tháinig isteach an smaoineamh faoi chleasaíocht agus cheiltí dá bharr," a dúirt sí.
Agus mar sin de, cé gur cleachtas Meiriceánach é, ba iad na glúine Éireannacha i bhfad ó shin na chéad ‘trick-or-treaters’ ar domhan.
"Bhí siad i mBaile Átha Cliath agus in oirthear na hÉireann den chuid is mó," a deir Cliona.
"Grúpaí ógánach a bhí maisc orthu ionas nach n-aithneodh a gcomharsana iad, agus a d’iarrfaidís airgead uathu mar mhalairt ar feall a dhéanamh orthu."
Tháinig deasghnátha (rituals) eile chun cinn agus tá siad fós ann freisin, lena n-áirítear “barmbrack," cluiche chun an todhchaí a thuar.
"Bhí trí bhabhla ann," a dúirt Cliona. "Uisce, cré, agus ceann le fáinne. Má roghnaigh tú an fáinne pósadh tú, ciallaíonn uisce dul ar imirce agus le cré bhí bás luath i gceist."
Chuir ár sinsir tornapaí snoite (carved turnips) ar aghaidheanna bréagacha freisin, chun mearbhall a chur ar an bpúca olc nó chontúirteach, cé go bhfuil “pumpkins” níos coitianta inniu.
Mar sin féin, tá traidisiúin uathúla (unique) Oíche Shamhna na hÉireann fós ann.
I bPort Láirge, tá mórshiúl Oíche Shamhna na bliana seo spreagtha ag Dearg Dua, vaimpír ban a lorg díoltas fuilteach tar éis di pósadh gan ghrá.
"Tá daoine i bPort Láirge an-bhródúil as an miotas. Is féidir leat a shamhlú mar Rosalie i Twilight [an scannán].
"Bean a bhí mallaithe le 'vampirism' a mharaíonn an fear agus na comhghleacaithe a rinne éagóir uirthi."
Dúirt Cliona gur cuid de thraidisiún Éireannach é ceiliúradh an uafáis agus an bháis ar Oíche Shamhna a chuireann "eilimint spraíúil leis an mbás agus an macabre."
*This article was originally published on ExtraG.ie.