Is bealach iontach é ClubLeabhar.com chun do chuid Gaeilge a chleachtadh ar do luas féin. Bíonn podchraoladh difriúil ann gach mí, ina ndéantar agallamh faoi leabhar nua. 

Níl aon ranganna i gceist, ní éisteann tú ach nuair is mian leat, ní léann tú ach nuair is mian leat – agus is féidir leat a bheith páirteach i ngrúpa chun labhairt faoina bhfuil léite agat agus faoina bhfuil cloiste agat, más mian leat. 

Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad.

Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraitheann?

Tá an podchraoladh ANSEO. 

"Heartstopper" le hAlice Oseman.

"Heartstopper" le hAlice Oseman.

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar daoine a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. 

Roghnaítear leabhar nua gach mí agus tá sé mar pholasaí acu leabhair róchasta a sheachaint. Freisin, tugtar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta agus bíonn meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló. Bíonn na leabhair a bhíonn á bplé ar fáil ar siopa.ie.

Chomh maith le sin is féidir leat a bheith mar chuid de do chlub leabhar féin, go fisiciúil nó ar líne, le comhrá a dhéanamh faoi na leabhair. 

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin ClubLeabhar i nGaeilge le cliceáil ANSEO. 

Ní hamháin dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge an t-am ar fad atá ClubLeabhar, tá sé an-chabhrach dóibh siúd a dhéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt i saol ina bhfuil an Béarla timpeall orthu, agus dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí níos mó úsáid a bhaint aisti gan mórán brú. 

Ní thógann sé ach nóiméad  clárú ANSEO don chlub agus níl aon táille i gceist. Is féidir clárú trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. 

Tá liosta ar fáil freisin ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, in Éirinn agus thar lear. 

Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil sa rannóg Bunaigh Club dóibh siúd a bhfuil spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.

* This article was originally published on ExtraG.ie.