Tá Matt Molloy ó The Chieftains i gcoimhlint faoi phleananna chun iarmhonarcha (former factory), in aice lena bheár, a thiontú ina bhrú (hostel).

Tá clú agus cáil ar theach tábhairne Matt Molloy ar Shráid an Droichid, i gCathair na Mart (Westport), i gCo. Mhaigh Eo, mar gheall ar an gceol agus an craic.

Agus tá achomharc déanta ag an gceoltóir ar chinneadh na Comhairle le déanaí cead a thabhairt don bhrú.

D’iarr Molloy ar an mBord Pleanála cinneadh na Comhairle a chur ar ceal mar gheall ar lána ina sheilbh.

Tá Joe agus Marian O’Reilly, úinéirí tí tábhairne in aice leis, The Porter House, i gcoinne an bhrú freisin.

Tá sé beartaithe foirgneamh monarchan, sa charrchlós idir Sráid an Droichid agus Sráid Shéamais, a thiontú ina bhrú le hocht seomra.

Tá cáineadh déanta ag na tábhairneoirí ar phleananna an fhorbróra, Brendan Power, cosán a úsáid idir a n-áitreabh (premises) ceadúnaithe chun rochtain a fháil ar an bhforbairt.

Maíonn Molloy gur chuir an forbróir a lána san áireamh sna pleananna forbartha gan a chead.

Ina achomharc chuig an mBord Pleanála, maíonn sé nach bhfuil aon agóid i bprionsabal aige in aghaidh athchóiriú éigin san áit.

Matt Molloy. (Ireland's Content Pool)

Matt Molloy. (Ireland's Content Pool)

Áitíonn comhairleoirí (consultants) atá ag gníomhú ar son Molloy, áfach, nach bhfuil an moladh reatha "go bunúsach ag teacht le pleanáil cheart agus le forbairt inbhuanaithe an cheantair agus le cosaint cearta bunreachtúla agus reachtúla príobháideacha maidir le maoin."

Dúirt na comhairleoirí (consultants) go gcuireann an fhorbairt bheartaithe isteach ar thalamh príobháideach ar le Molloy agus daoine eile é.

Thug comhairleoirí Molloy le fios don Bhord Pleanála go raibh an forbróir ag iarraidh comharthaíocht (signage)  agus píopaí uisce agus séarachais (sewage) a bheith sa lána.

Mhaígh siad nach bhfuil an chuma ar an scéal gur chuir Comhairle Contae Mhaigh Eo i bhfeidhm iarratas a pleanálaithe go gcuirfeadh an forbróir toiliú i scríbhinn ó aon úinéirí talún ar thailte atá in úsáid san fhorbairt.

Thug siad le fios freisin gur dhiúltaigh an t-údarás áitiúil agus an Bord Pleanála araon cead pleanála don athchóiriú atá beartaithe ar an monarcha ina árasáin le déanaí.

*This article was originally published on ExtraG.ie.