Ní bheidh RTÉ ag tairiscint tuilleadh cluichí CLG, atá ar GAAGO anois, in ainneoin na cháinte nár léirigh siad cluichí móra i mbliana.

Ach anois tá an moladh ann go bhfuil an seans ann do TG4 na cluichí sin a chur ar fáil.

Taispeánadh go leor de na cluichí móra CLG ar an tseirbhís sruthaithe (streaming service) GAAGO, nach mór íoc astu.

Agus éilíodh go raibh níos mó suime ag an gcraoltóir náisiúnta cluichí Chraobhchomórtas sacair na hEorpa (na Euros) ar fad a thaispeáint ná cuid de na cluichí CLG is mó a raibh tóir orthu.

Mar shampla, bhí cluichí lena n-áirítear cluiche ceannais iomána Chorcaí in aghaidh Luimneach taobh thiar de bhalla íocaíochta (paywall) GAAGO in ionad a bheith ar RTÉ.

Fiú, rinne an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Micheál Martin idirghabháil faoi sin ag an am.

Dúirt Martin gurb é an ‘dearcadh pearsanta’ atá aige le fada an lá ná nár cheart go gcuirfí táillí breise ar lucht leanúna féachaint ar chluichí CLG ar líne.

"Ba mhaith linn go bhfeicfidh níos mó daoine an iománaíocht á himirt. Is rud é ar cheart athbhreithniú a dhéanamh air," a dúirt sé.

Tá an chuma ar an scéal, áfach, nach mbeidh aon athrú ann tar éis don CLG a fhógairt go bhfuil siad ag lorg craoltóirí ar spéis leo a gcuid cluichí a thaispeáint.

Is do na cluichí atá á gcraoladh ag GAAGO faoi láthair, a bhí taobh thiar de bhalla íocaíochta Sky Sports roimhe seo, a bheidh á thairiscint.

Mar sin d’fhéadfadh TG4 nó Virgin Media, nó fiú ardáin sruthú ar nós Amazon, tairiscint a dhéanamh ar na cearta.

Níl aon athrú ar an socrú atá ag RTÉ agus an BBC le CLG, nach bhfuil baint aige le GAAGO.

I ráiteas gairid, dúirt an CLG: "Tá Cumann Lúthchleas Gael ag lorg léirithe spéise do chearta na meán maidir le pacáistí craolta baile ar leith do Chraobh CLG."

Ina dhiaidh sin, dheimhnigh RTÉ nach mbeadh sé ag tairiscint dóibh.

Dúirt Seanadóir Fhine Gael Tim Lombard gur cheart do TG4 nó Virgin Media tairiscint a dhéanamh orthu le cinntiú go mbeidh na cluichí craoibhe saor in aisce

Beidh 31 cluiche craoibhe fós á dtaispeáint ag RTÉ chomh maith le cluiche ceannais Chorn Joe McDonagh, agus cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais Chorn Tailteann go dtí 2027.

Taispeántar 38 cluiche ceannais ar GAAGO a chosnaíonn €79 ar phas séasúir.

Is comhfhiontar é GAAGO le RTÉ agus CLG.

Agus léiríonn cuntais gur mhéadaigh ioncam RTÉ uaidh go €5.1 milliún anuraidh ó €2.4 milliún i 2022.

*This article was originally published on ExtraG.ie.