Deir beagnach trí cheathrú de na daoine sa Stát gur chóir don Rialtas níos mó a dhéanamh don Ghaeilge, de réir tuairisc atá ar fáil ag tuairisc.ie.
Is ardú suntasach é sin ó trí bliana ó shin.
Agus ceapann beagnach leath na ndaoine sa Tuaisceart an rud céanna.
Tugann sé seo le fios go gcaithfidh na rialtais, ó thuaidh agus ó theas den teorainn, níos mó a dhéanamh chun tacú le pobal na Gaeilge.
I bpobalbhreith a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 71% gur chóir don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.
Sin ardú ón 65% de na daoine a léirigh an tuairim sin nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith a rinne Conradh na Gaeilge i 2021.
Dúirt 47% de dhaoine sa Tuaisceart gur cheart níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 40% i 2021.
Tá athrú meon ag teach sa Tuaisceart i dtaobh na teanga de.
Mar shampla i mí an Mhárta bhí an tAire Oideachais sa Tuaisceart, Paul Givan, ball den DUP, fear a ghearr maoiniú don Ghaeilge uair amháin, sásta na teanga a mholadh.
Bhí sé ag labhairt le daltaí i mbunscoil Ghaeilge, Gaelscoil Aodha Rua, i nDún Geanainn, i gContae Thír Eoghain (Dungannon, in County Tyrone) ag an am.
Ghuigh sé ‘maidin mhaith’ i nGaeilge ar na daltaí, agus nuair a bhí na páistí ag casadh amhráin agus damhsaí dó chuaigh sé isteach sa rince céilí.
A fantastic visit to @GSAodhaRua in Dungannon. The children were superb as they sang, danced and played music that celebrates Irish culture and education. Thank you for the very kind & heartfelt welcome from Principal Móna and everyone involved in the school #educationforall pic.twitter.com/1Dg67zx7of
— Paul Givan (@paulgivan) March 6, 2024
Sa phobalbhreith atá ar fáil le tuairisc.ie taispeánadh freisin gur tháinig ardú ar chéatadán na ndaoine, sa deisceart, a bhí den tuairim gur chóir cabhrú le teaghlaigh leanaí a thógáil le Gaeilge, go dtí 57% ó 48% i 2021.
Agus sa Tuaisceart, áit nach bhfuil ach fíorbheagán Gaeilge ar fáil sa chóras oideachais i gcomparáid leis an deisceart, bhí an líon sin beagnach ag leath an daonra, ag 43%, de réir na pobalbhreithe.
Ach cé go bhfuil an t-éileamh ann tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ó na daoine, níl na rialtais ag freagairt na faidhbe leis an díograis chéanna.
Mar shampla, tá gá le seacht meánscoil nua Ghaeilge, ar a laghad, sa Stát, agus trí cinn eile sa Tuaisceart, de réir na hanailíse is déanaí.
I mBaile Átha Cliath amháin, tá dalta ag fágáil na bunscoileanna Gaeilge – agus cuirtear iallach orthu ansin leanúint lena gcuid oideachais trí Bhéarla mar níl na meánscoileanna Gaeilge ann dóibh.
Tá cuir síos cruinn déanta ag an iriseoir Darren Mac an Phríora, ar an easpa áiteanna do dhaltaí scoile sna meánscoileanna agus céard atá an Roinn Oideachais agus an Rialtas ag déanamh faoi.
Tá sé sin ar fáil ar an clár Blas na Cathrach ar Raidió na Life. Clicáil anseo chun é a chloisteáil.
Tá beagnach míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna bunscoile i dtrí ceantair i mBaile Átha Cliath, agus tá os cionn míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna bunscoile i réigiún chathair Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh.
Mar sin féin tá géarghá le scoileanna dara leibhéal Gaeilge sna ceantair sin, agus go ginearálta tá na cinn a bhféadfaidís taisteal chucu lán cheana féin.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí ar An Foras Patrúnachta, gur cheart go mbeadh ceithre meánscoil eile i mBaile Átha Cliath.
Tá trí cheantar eile sa Stát, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, a bhfuil meánscoil Ghaeilge de dhíth orthu. Is iad sin, i gcathair Chorcaí, i gContae na Mí agus i Maigh Eo.
*This article originally appeared on ExtraG.ie.
Comments