Bhí na himreoirí i gcónaí ag Ard Mhacha (Armagh), agus anois tá Kieran McGeeney agus foireann bainistíochta acu atá in ann an ceann is fearr a fháil uathu.

Tá ssiad tagtha chun cinn, agus tá go leor creidiúint le dul dá mbainisteoir McGeeney agus a fhoireann.

Is iad Ard Mhacha (Armagh) an fhoireann atá beagnach tar éis cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach go minic, ach theip orthu sa deireadh.

Fuair ​​siad chomh fada leis na ceithre fhoireann deiridh sé huaire ó 2005, ach chaill siad a gcluiche ceathrú ceannais.

Agus chaile siad dhá cheann de na cluichí sin i gciceanna éiricí (penalties) – mar sin bhí foirne eile i gcónaí buartha faoi Ard Mhacha (Armagh).

Léirigh an bua in aghaidh Ros Comáin, áfach, go bhfuil McGeeney ag pleanáil don todhchaí.

WATCH: FULL-TIME HIGHLIGHTS@Armagh_GAA advance to the semi-finals!

FT Score:
Armagh 2-12
Roscommon 0-12#GAANOW pic.twitter.com/BjBHEN6dKt

— The GAA (@officialgaa) June 29, 2024

Cluiche le beagán drámaíochta a bhí ann, go beacht an cineál cluiche a theastaigh ó Kieran McGeeney.

Bhí Ard Mhacha (Armagh) muiníneach go mbeadh an bua acu, i bhfad sular tháinig deireadh leis an gcluiche, agus mar sin baineadh imreoirí as, le cinntiú go raibh siad aclaí don chluiche leathcheannais.

Ag an am céanna bhí contúirt ann. Tar éis dóibh cúig phointe chun cinn a fháil, sa chéad leath uair, lig siad de Ros Comáin teacht ar ais roimh leath ama.

Cuireadh tús iontach leis an dara leath nuair a tugadh isteach Stefan Campbell, ach lean Ros Comáin ar aghaidh ar bhealach éigin, ag fanacht ábhartha go dtí gur scóráil Conor Turbitt a dara cúl d’Ard Mhacha sa 51ú nóiméad.

Agus ag deireadh an chluiche, cé gur choinnigh McGeeney agus a chomhluadar socair, léirigh Aidan Forker, captaen Ard Mhacha (Armagh) tar, meon an lucht tacaíochta, ag preabadh le gliondar os comhair Seastán Hogan.

Tá cúpla glúin de pheileadóirí Ard Mhacha (Armagh) tar éis dul ar aghaidh ó lá na glóire go luath sna 2000í – agus ní raibh mórán le ceiliúradh ag an lucht leanúna óg go dtí seo.

Ach tá sé sin athraithe anois – tá deireadh tar éis teach leis na héilimh gur foireann iad nach raibh in ann an bua a fháil nuair a bhí sé tábhachtach.

Tá Ard Mhacha (Armagh) tar éis teach chun cinn, agus tá siad réidh le haghaidh catha in aghaidh na foirne is fearr sa pheil CLG anois.

⏰FIXTURE DETAILS CONFIRMED🗓️

The date and time for our game vs @Kerry_Official has been confirmed!

🆚 Ciarraí
🗓️ Sat 13 July
⏰ 5.30pm
🏟️ Páirc an Chrócaigh#ArdMhachaAbú #BringTheOrange #TurnCrokerOrange pic.twitter.com/yGxlbqwBLU

— Armagh_GAA (@Armagh_GAA) July 1, 2024

*This article was originally published on ExtraG.ie.