D’ordaigh Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go ndéanfaí athscrúdú ar ghearáin faoi mí-úsáid ghnéasach líomhnaithe (alleged) i gcoinne Eamonn Casey.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Gharda go bhfuil iarrtha ag an gCoimisinéir ar Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (Garda National Protective Services Bureau) an comhad imscrúdaithe bunaidh a scrúdú.

Tagann sé seo tar éis éileamh ón iar-aire dlí agus cirt Alan Shatter ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) agus na gardaí a mhíniú cén fáth nár ionchúisíodh Casey.

"Is ceist don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iad treoracha ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí," a dúirt na gardaí.

Is aonad é Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta a dhéileálann le cosaint leanaí, foréigean teaghlaigh agus foréigean gnéasach.

Bhí sé ráite ag an iar-aire Alan Shatter gur cheart don Gharda athbhreithniú a dhéanamh ar gach gearán in aghaidh an Easpaig Casey.

Tháinig sé seo tar éis fiosrúchán a rinne RTÉ, i gcomhar leis an Irish Mail on Sunday, ar an chaoi ar dhéileáil an Eaglais Chaitliceach leis na líomhaintí a fuair siad faoi Casey.

Rinneadh ar a laghad cúig líomhain maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí leis an Eaglais i gcoinne Casey i ngach deoise Éireannach ina raibh sé i gceannas, ó na 1950idí go dtí na 1980idí.

Ina measc siúd a rinne éilimh bhí a neacht Patricia Donovan, a chuir a gearán isteach in 2005.

Níor cúisíodh nó níor ciontaíodh an tEaspag Casey riamh as aon choir ghnéasach líomhnaithe, in aghaidh linbh nó duine fásta.

Chuir gardaí agallamh air ar feadh uaireanta an chloig maidir le gearán Ms Donovan.

D’ordaigh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP), i Lúnasa 2006, nach mbeadh aon chúisimh i gcoinne Casey.

D’iarr an tUasal Shatter ar an nGarda agus ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a mhíniú cén fáth nár ionchúisíodh gearán a rinne Ms Donovan i gcoinne a uncail.

Thuairiscigh Ms Donovan, atá as Luimneach, an tEaspag Casey mar gheall ar mhí-úsáid líomhnaithe, a líomhnaítear a thosaigh go déanach sna 1960idí, nuair a bhí sí cúig bliana d’aois.

Rinne sí a gearán i 2005 agus ghlac bleachtairí ráiteas uaithi i mí Eanáir 2006, ach faoi Lúnasa  d’ordaigh an DPP gan aon chúiseamh a thabhairt ar 13 líomhain shamplacha.

D’fhiafraigh an tUasal Shatter cé chomh cuimsitheach agus a bhí an t-imscrúdú a rinneadh?

"Ar thug an Garda nó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí aird mhíchuí ar an Easpag Casey? Sílim go gcaithfidh trédhearcacht a sholáthar."

Dúirt na gardaí roimhe seo go ndearnadh scrúdú críochnúil ar gach gearán.

* This article was originally published on ExtraG.ie.