Bhuaigh Mná na hÉireann in aghaidh na Fraince ina gcluiche cáilithe do Euro 2025 i bPáirc Uí Chaoimh i gCorcaigh.

Tá Mná na hÉireann ar ais ag buachan cluichí agus fuair siad trí chúil iontacha.

Bhí an Captaen Katie McCabe ar ais agus daoine ag tnúth le rudaí iontacha uaithi, ach tabhair seans di, bhí oíche chiúin aici go luath sa chluiche.

Tháinig na cúil iontacha ó Denise O’Sullivan, Julie-Ann Russell agus Anna Patten.

Mar fhreagra, ní fhéadfadh mná na Fraince ach cúl amháin a fháil, tráthnóna Dé Máirt.

With our 3-1 win over France tonight, it ensures that we have a seeded spot for both @WEURO2025 playoff rounds in October and November! 💪

We’ll find out our opponents during the draw this Friday! ☘️#COYGIG | #OUTBELIEVE pic.twitter.com/y6bxxqOP9M

— Ireland Football ⚽️🇮🇪 (@IrelandFootball) July 16, 2024

Rinne na himreoirí agus a mbainisteoir Eileen Gleeson an bua a cheiliúradh le paisean toisc gurbh é a gcéad bua d’fheachtas deacair, agus rachaidh sé chun tairbhe dóibh sna cluichí móra san fhómhar.

Ní raibh mórán le déanamh ag cúl báire ceachtar den dá thaobh sa chéad leath, agus bhí sé leadránach go leor go háirithe ó fhoireann na Fraince.

Níor chruthaigh Mná na hÉireann mórán ach an oiread sa chéad leath agus, mar a dúirt mé, bhí Katie McCabe ciúin.

Is a mhalairt a bhí i gceist le Denise O’Sullivan. Rinne sí an-iarracht an chluiche a chur faoi bhráid na gcuairteoirí ach bhí sprioc ar leith aici – bí 60 dá teaghlach áitiúil sna seastáin ag faire.

"Nó pressure, Denise!" mar a deirtear.

A Knocknaheeny legend scoring for her country in Páirc Uí Chaoimh… 😮‍💨🤟

74’ | 1-0#COYGIG | #OUTBELIEVE pic.twitter.com/R5XYYxS2B3

— Ireland Football ⚽️🇮🇪 (@IrelandFootball) July 16, 2024

Thosaigh an dara leath níos fearr d’fhoireann na hÉireann, le beagán níos mó ionsáite le feiceáil agus luach saothair nuair a d’oscail laoch an bhaile dúchais Denise O’Sullivan an scóráil le cúl iontach.

Tar éis cic iontach ar imeall an cheantair ó Julie-Ann Russell shocraigh O’Sullivan í féin go foirfe lena chéad teagmháil sular chuir sí an liathróid isteach sa chúinne íochtair.

Agus tar éis 76 nóiméad bhí an lámh in uachtar faoi dhó ag foireann na hÉireann, nuair a scóráil Russell a dara chúl i gcúig lá.

Cé go bhfuair na Francaigh cúl amháin trí nóiméad ina dhiaidh sin mar gheall ar bhotún Vicki Becho, ní raibh sé tábhachtach mar chuir foireann na hÉireann antríú cheann isteach sa 90ú nóiméad.

An uair seo thóg Anna Patten cic cúinne agus fuair Megan Connolly a céad chúl idirnáisiúnta, fiú má bhuail an liathróid Geyoro agus é ag dul isteach.

Ba bhua maith é bua 3-1 d’fhoireann na hÉireann agus Eileen Gleeson i bhfeachtas cáilitheach deacair go dtí seo.

*This article was originally published on ExtraG.ie.