Is ceann de na foirgnimh is suntasaí go stairiúil i mBaile Átha Cliath é Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Ach beidh sé ag dúnadh go luath.
Is dea-scéal é sin mar tá an foirgneamh ag fáil na forbartha atá de dhíth air chun freastal i gceart ar an raon gníomhaíochtaí a dhéantar ann.
Beidh sé dúnta ag deireadh na míosa seo ar feadh trí bliana agus le linn na dtrí bliana sin leanfar leis na gníomhaíochtaí tábhachtach a mbíonn ar siúl ann in áiteanna eile i mBaile Átha Cliath.
Sna gníomhaíochtaí sin áirítear Seachtain na Gaeilge, Club Chonradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Ógras, Raidió Rí-Rá, Comhluadar agus An Siopa Leabhar.
Fuair an Conradh cead pleanála ag deireadh 2020 chun Uimhir 6 a fhorbairt mar lárionad Gaeilge.
Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió nua i measc na n-áiseanna nua a bheas ar fáil san ionad nua.
Ach tá stair shuimiúil ag Uimhir 6 freisin – d’Aontachtaithe agus do Phoblachtaigh araon. Ach go príomha do Phoblachtaigh.
Chónaigh Edward Carson, ceannaire na nAontachtaithe a chuir in aghaidh Rialtas Dúchais agus a bhfuair neamhspleáchas iomlán i ndeisceart na hÉireann ina áit, dhá dhoras uaidh.
Chuimhneodh sé ar Uimhir 6 mar acadamh míleata d’Arm na Breataine nuair a bhí sé ina ghasúr.
D’athraigh sin go tapa, áfach, agus bhí Uimhir 6 Sráid Fhearchair mar cheanncheathrú Shinn Féin ó 1910 i leith agus le linn Éirí Amach na Cásca.
As sin amach tá Uimhir 6 mar fhócas do smaointe forásacha agus dul chun cinn cultúrtha. Inniu tá sé mar chroílár ghluaiseacht na teanga Gaeilge.
Agus tá ceannaireacht Chonradh na Gaeilge thar a bheith sásta leis na hathruithe atá ar siúl anois.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, le tuairisc.ie: "Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an t-am tagtha le hUimhir 6 Sráid Fhearchair a fhágáil ar feadh tréimhse ghairid chun an lárionad a fhorbairt tar éis a bheith ag caint faoi seo le 20 bliain anuas.
"Beidh dúshláin ann do gach grúpa atá lonnaithe sa teach, agus tuigimid go mbeidh daoine a bhaineann úsáid as Uimhir 6 thíos leis sna chéad trí bliana eile ach táimid cinnte gur fiú an tairbhe an trioblóid."
Agus dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le tuairisc.ie: "Táimid ar bís go bhfuil muid anois ag an gcéim gur féidir linn tús a chur leis an bhforbairt iontach seo, tionscadal claochlaitheach a chuirfidh breis seirbhísí agus áiseanna Gaeilge fáil don phobal sa chathair."
Cliceáil ANSEO chun an t-alt ar tuariisc.ie a léamh.
I ráiteas dúirt Conradh na Gaeilge:
"Is oth linn a fhógairt go mbeidh 6 Sráid Fhearchair ag dúnadh ar feadh tréimhse 3 bliana ó dheireadh mhí Mheán Fómhair sa dóigh is go dtig athchóiriú a bheith déanta ar an fhoirgneamh ar fad.
"Is dul chun chinn dearfach é seo do shaol na Gaeilge san ardchathair agus tá muid uilig ag súil leis an lá a mbeidh an foirgneamh ar fad ar oscailt arís is spás breá úr ann do phobal Gaeilge Bhaile Átha Cliath agus pobal na Gaeilge trí chéile.
Tá muid an-bhuíoch as ucht bhur gcuid tacaíochta, ó 1967 go dtí an lá inniu, agus tá an tacaíocht sin chomh tábhachtach is a bhí riamh.
Cé nach mbeidh suíomh an Chlub féin ar fáil dúinn, beidh imeachtaí Gaelacha agus trí Ghaeilge fós á n-eagrú ag Coiste an Chlub in áiteanna eile le linn an athchóirithe – Club Chonradh na Gaeilge Sealadach fiú.
Julian de Spáinn, Michaeline Donnelly agus Paula Melvin de chuid Chonradh na Gaeilge leis an Aire Airgeadais Jack Chambers
Idir an dá linn bígí linn go dtí deireadh na míosa seo ag ceiliúradh an Chlub! Beidh muid ar oscailt 7 lá in aghaidh na seachtaine ó 19:16 gach lá go dtí an 28 Meán Fómhair. Tá neart le teacht sa mhí seo romhainn.
"Ar an drochuair, ní féidir linn an spás a chuir ar fáil d’aon imeachtaí i ndiaidh an dáta seo.
"Coinnígí súil ar ár meán sóisialta agus nuachtlitir d’aon uasdhátaí ar an scéal. Beidh Cruinniú Cinn Bhliana á fhógairt againn sna seachtainí amach romhainn. Bí i dteagmháil fosta más rud é go bhfuil suim agat bheith ar Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge Sealadach amach anseo."
* This article was originally published on ExtraG.ie.
Comments