Tá dul chun cinn déanta i dtaobh an Ghaielge agus biedh Gaelcholáiste nua ar fáil do mhuintir na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Tá fáilte curtha ag an Aire Oideachais, Norma Foley TD, roimh fhógra go ndéanfar CBS Synge Street a aistriú ó iar-bhunscoil Bhéarla aonghnéis go dtí Gaelcholáiste comhoideachais lán-Ghaeilge.

Tosóidh na ranganna nua leo siúd a bheidh ag dul isteach sa chéad bhliain i scoilbhliain 2026/2027.

I 2017, thug Bunscoil Sráid Synge, bunscoil CBS Sráid Synge atá in aice láimhe, Sruth lán-Ghaeilge isteach agus cuireann sí oideachas trí Ghaeilge ar fáil do gach bliain.

Ó tugadh isteach an sruth, tá méadú thart ar 42% tagtha ar líon na ndaltaí atá cláraithe sa scoil.

Fós féin tá gá le seacht meánscoil nua Ghaeilge, ar a laghad, sa Stát, agus trí cinn eile sa Tuaisceart, de réir na hanailíse is déanaí.

I mBaile Átha Cliath amháin tá na mílte dalta ag fágáil na bunscoileanna Gaeilge – agus cuirtear iallach orthu ansin leanúint lena gcuid oideachais trí Bhéarla mar níl na meánscoileanna Gaeilge ann dóibh.

Mar gheall ar sin, teipeann ar go leor acu leanúint ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge agus cailleadh deis chun an teanga a fhorbairt.

Mar sin is dea-scéal an bogadh ar aghaidh seo le scoil Ghaeilge i mBaile Átha Cliath.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an nuacht agus tá súil acu go mbeidh an grúpa feachtais Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8 in ann é seo a phlé leis an Roinn agus leis an bPátrún chun tuilleadh eolais a fháil ar an ngaelcholáiste nua seo.

Chuir  Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8 fáilte roimh an bhfógra freisin.

Dúirt siad: |Ba mhaith linn comhghairdeas agus ardmholadh ó chroí a thabhairt do gach duine a bhí páirteach agus a thacaigh leis an bhfeachtas le 3 bliana anuas.

"Is forbairt ollmhór í seo agus tá poitéinseal ollmhór ann dár bpáistí go léir agus dár bpobal scoile."

Ach le sin dúirt siad: "Sin ráite, tá a lán ceisteanna faoi na sonraí a bhaineann leis an bhforbairt seo agus táimid ag súil le bheith ag plé leis an Roinn agus leis an bPatrún maidir le céard a bheidh i gceist leis an nGaelcholáiste nua seo".

Dúirt an tAire Foley: "Is dea-scéala é seo don scoil agus don phobal áitiúil.

"Is eol dom go bhfuil éileamh le fada ar Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2,4,6 agus 8 agus tá lúcháir orm go bhfuil ceann againn anois i gcroílár Bhaile Átha Cliath 2.

"Cuirfidh sé seo leis an soláthar don oideachas lán-Ghaeilge ag an iar-bhunleibhéal i mórcheantar chathair Bhaile Átha Cliath Theas.

"Is ionann an fógra seo agus ré nua do CBS Sráid Synge, scoil a bhfuil a stair fréamhaithe go domhain ina pobal.’

"Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcomhlacht pátrúnachta ERST (Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice) as a bheith ag obair leis an Roinn Oideachais agus as spéis a léiriú san aistriú seo chuig Gaelcholáiste comhoideachais, lán-Ghaeilge a iniúchadh.

"Tá mo Roinn ag plé leis an gcomhlacht pátrúnachta agus tá obair ar bun chun ullmhú d’aistriú na scoile do scoilbhliain 2026/2027."

* This article was originally published on ExtraG.ie.