Tá rabhadh á thabhairt do dhaoine atá ag taisteal chuig féilte samhraidh i mbliana faoin druga marfacha Nitazene a d’fhéadfadh a bheith ar fáil.

Creideann na seirbhísí Sláinte go mbeidh drugaí a bhaineann le bás triúr príosúnach i mbliana ar fáil ag féilte samhraidh.

Tá an druga cumhachtach ‘Nitazene’ chomh dainséarach sin go bhfuil na príosúnaigh ag fáil réidh leis na drugaí. Tá siad á thabhairt chuig gardaí príosúin.

Is opioid é Nitazene cosúil le hearóin ach tá sé níos contúirtí.

Tá na céadta drugaí marfacha á dtabhairt d’oifigigh phríosúin ag príosúnaigh.

Tagann sé seo i ndiaidh bhás príosúnaigh, a bhí 21 bliain d’aois, a d’éirigh tinn Déardaoin seo caite i bPríosún Mhuinseo (Mountjoy Jail).

Dúirt an Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta um Sheirbhísí Andúile (National Clinical Lead for Addiction Services) de chuid an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS), an tOllamh Eamon Keenan, gur opioids an-láidir iad na Nitazene … a déandar sa tsaotharlann seachas iad a bhaint as the poipí (the poppy).

"Mar sin féin, níor cuireadh ar an margadh iad riamh mar gheall ar a gcumas andúile.

"Tá na drugaí seo ag teacht chun cinn anois san Eoraip, i bpúdar agus le déanaí i bhfoirm piollaí (pills).

"Tá Nítazenes ar fáil i bpiollaí nó i dtáibléid ag dhá thír déag ar fud na hEorpa.

"D’eisíomar foláireamh i mí an Mheithimh. Bhí roinnt ródháileog (overdoses) againn a bhain leis na ‘benzodiazepines’ bréige seo san iardheisceart, san oirdheisceart agus i mBaile Átha Cliath," a dúirt sé.

"Is cúis imní dúinn go mbeidh siad ar fáil i suímh eile, ar nós féilte."

Tá amhras ar ghardaí an phríosúin gur ghlac an fear a fuair bás i bPríosún Mhuinseo ródháileog de Nitazene.

Is é seo an tríú bás faoi choimeád i mbliana a bhfuil amhras ann go bhfuil baint aige le Nitazene.

I bpríosúin Chorcaí agus Luimnigh a bhásaigh an beirt eile.

De bharr riosca ard an druga Nitazene agus bás i Muinseo, tá príosúnaigh tosaithe ag tabhairt na ndrugaí do na húdaráis, de réir tuairisce san Irish Daily Mail.

"Chuir bás an fhir seo eagla ar na príosúnaigh agus tá tús curtha acu á dtabhairt suas na drugaí,’ a dúirt foinse.

"Is beag an t-uafás féin é do na leaids seo. Tá sé de dhualgas ar oifigigh an phríosúin drugaí a thuairisciú ach tá go leor ag rá, 'D’aimsigh mé iad anseo nó ansiúd' agus baintear amach iad. Ach is oscailt súl (wake-up call) é do go leor de na leaids seo.

"Bhí stair úsáid drugaí ag an bhfear óg agus ar an drochuair fuair sé bás faoi choimeád. Bhí pianbhreith dhá bhliain aige as coir a bhain le drugaí," a dúirt an fhoinse.

Dheimhnigh Seirbhís Phríosúin na hÉireann (IPS) go bhfuil imscrúdú ar bhás an fhir ar siúl.

Dúirt urlabhraí: "Is féidir le Seirbhís Phríosúin na hÉireann a dheimhniú gur bhásaigh duine a bhí faoi choimeád i bPríosún Mhuinseo ar an 18 Iúil 2024, agus tá fógra tugtha don neasghaol (next of kin)."

*This article was originally published on ExtraG.ie.