Bhailigh grúpa diongbháilte daoine le chéile taobh amuigh den Dáil tráthnóna Dé Máirt chun achainí (petition) Palaistíneach a sheachadadh.

Tá sé sínithe ag breis is 40,000 duine, ag éileamh beart, in ionad focail, ón Rialtas chun muintir na Palaistíne a shábháil ó bheith maraithe ina mílte.

Tugadh an achainí (petition) ó Chathair Saidhbhín (Cahirsiveen), Co. Chiarraí, gar do theach, Daniel O’Connell, ar shiúlóid 341km, go dtí an Dáil chun tacú leis an tsíocháin do mhuintir na Palaistíne.

Dublin Ireland now.
Enact The Occupied Territories Bill. pic.twitter.com/RrwDq0opvW

— Martin Leahy (@TheNewReview2) September 24, 2024

Mheabhraigh duine d’eagraithe na siúlóide, Breandán Ó Caoimh, as Cathair Saidhbhín, an ról a bhí ag Daniel O’ Connell in athrú síochánta a dhéanamh chun cabhrú le daoine.

Ar an mbealach, bhuail lucht tacaíochta le lucht na siúlóide agus, lasmuigh den Dáil tráthnóna Dé Máirt, bhí bratacha ó an-chuid contaetha ar foluain taobh le bratach na hÉireann agus bratach na Palaistíne.

Ba é an rud a theastaigh uaidh na daoine seo ná go mbeadh an Rialtas sásta an Bille um Chríocha faoi Fhorghabháil (Occupied Territories Bill, 2018) a achtú (enact), chun stop a chur le hionradh ar áiteanna cónaithe na dteaghlach Palaistíneach ag daoine ón taobh amuigh.

Tá sé ráite cheana féin ag formhór na dTeachtaí Dála go dtacaíonn siad leis an mBille, a chuirfeadh cosc ​​ar allmhairiú (importation) nó díol earraí a dhéantar i lonnaíochtaí mídhleathacha (illegal settlements) sa Bhruach Thiar (West Bank) agus Gaza.

Thug an Seanadóir Frances Black, an t-amhránaí, an Bille isteach sa Seanad i 2018, ach in ainneoin marú na bPalaistíneach i nGaza agus ar an mBruach Thiar, agus an tseachtain seo sa Liobáin, níl an Rialtas tar éis é a achtú.

Over 40,000 people in Ireland have signed the petition to pass the Occupied Territories Bill! This is a movement!! I was so moved to see the commitment and solidarity demonstrated by the wonderful people from South Kerry for Palestine in walking the petition from Kerry all the… pic.twitter.com/x2kfQlYgpI

— Frances Black (@frances_black) September 24, 2024

Sin an fáth a raibh an agóid shíochánta ar siúl ag an Dáil, agus gur éist siad le hóráidí agus chan siad amhráin, ná go raibh siad ag iarraidh tacú leis na híospartaigh, ag an am céanna a raibh ceannairí rialtais, ó ar fud an domhain, bailithe le chéile le haghaidh chruinniú de chuid na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, áit a bhfuiltear ag súil go n-éistfidh siad le hóráid ó Phríomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu Dé hAoine, tar éis marú na céadta fear, bean agus leanbh ag fórsaí armtha Iosrael an tseachtain seo sa Liobáin.

Is grúpa beag daoine, an South Kerry Friends of Palestine, a d’eagraigh an agóid lasmuigh den Dáil, ach thacaigh go leor eile lena n-áirítear aisteoirí agus ceoltóirí leo.

Dúirt an Seanadóir Black leis an gcruinniú go raibh na Náisiúin Aontaithe tar éis bogadh cheana féin chun tacú le gníomhaíochtaí in aghaidh na lonnaíochta mídhleathacha sa Phalaistín, mar sin go bhfuil dualgas ar an Rialtas faoin dlí idirnáisiúnta.

Dúirt sí: "Ba mhaith le muintir na hÉireann beart a fheiceáil ón Rialtas.

"Táimid ag rá go gcaithfidh Éire dul i ngleic le cearta daonna idirnáisiúnta i ndáiríre.

"Is faoin dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna atá sé, mar sin caithfimid an Bille a achtú."

* This article was originally published on ExtraG.ie.