Beidh éisteacht Ard-Chúirte faoi ‘shocrú rúnda’ a líomhnaítear a cheadaíonn d’arm na Breataine aerárthaí a idircheapadh (intercept aircraft) in aerspás na hÉireann.
Dhiúltaigh an Breitheamh Brian Cregan d’iarratas an Stáit go ndéanfaí cinneadh maidir le réamhcheist (a preliminary issue determined).
D’fhéadfadh gur chuir sin deireadh leis an gcás a bhí á thógáil ag an Seanadóir Neamhspleách Gerard Craughwell.
Rialaigh an breitheamh, toisc nár ghlac an Stát leis na fíricí a líomhain an Seanadóir, agus toisc go raibh gá le fianaise, nach bhféadfadh sé rialú cinntitheach (definitive) a thabhairt sular tionóladh triail iomlán.
Tá sé ráite ag an Seanadóir Craughwell gur tugadh isteach an comhaontú don RAF eitilt thar Éirinn tar éis ionsaithe 9/11 sna Stáit Aontaithe.
Chuir an Stát ina aghaidh agus dúirt nach bhféadfadh cúirt athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí slándála seachtraí mura raibh sárú soiléir (clear breach) ar an mBunreacht.
Dúirt siad nár léirigh an tUasal Craughwell aon sárú den sórt sin.
Dhiúltaigh siad freisin aon socrú den sórt sin a shéanadh nó a dhaingniú (confirm or deny), ag rá go bhféadfadh sé sin slándáil an Stáit agus a chaidreamh idirnáisiúnta a chur i mbaol.
Thug an breitheamh faoi deara go raibh an tUasal Craughwell ag fónamh roimhe seo in arm na Breataine, sa Royal Irish Rangers agus in Óglaigh na hÉireann.
"Líomhnaíonn an gearánaí [An tUasal Craughwell] go bhfuil comhaontú rúnda déanta ag an Rialtas leis an Ríocht Aontaithe, faoinar féidir leis an Aerfhórsa Ríoga (RAF) patról a dhéanamh ar aerspás na hÉireann agus idirghabháil a dhéanamh ar aon aerárthach atá ina bagairt d’Éirinn nó don RA," a dúirt an breitheamh.
Dúirt sé gur mhaígh an tUasal Craughwell gur comhaontú idirnáisiúnta a bhí sa líomhain agus gur ghníomhaigh an Rialtas de shárú ar an mBunreacht trí theip ar an gcomhaontú a chur os comhair na Dála.
I gcáipéisí tacaíochta, d’inis an tUasal Craughwell don chúirt faoi eachtra líomhanta i 2020 inar seoladh scairdeanna RAF chun aerárthaí Rúiseacha a thascradh in "aerspás na hÉireann."
Thagair sé freisin do cheist a chuir sé faoi deara i dTeach na dTeachtaí (House of Commons) sa Bhreatain agus dúirt sé gurb é an freagra a tháinig ó aire na Breataine ar na fórsaí armtha ná gurb é ‘polasaí na Roinne ná nach dtéann aerárthaí míleata na RA isteach in aerspás ceannasach na hÉireann le haghaidh oibríochta, gan comhaontú le Rialtas na hÉireann roimh ré’.
Dúirt an Stát gur tharla eachtra 2020 san aerspás idirnáisiúnta a raibh freagrachtaí áirithe ar Éirinn maidir le rialú ina leith, seachas in aerspás ceannasach na hÉireann.
*This article was originally published on ExtraG.ie.
Comments