Cuireadh cosc tiomáint ​​ar réalta sacair na hÉireann, Savannah McCarthy, a tarraingíodh as a carr a bhí ar lasadh Dé Máirt, de réir an Irish Daily Mail.

Bhí sí taobh thiar den roth ainneoin go raibh cosc ​​uirthi tiomáint ar feadh ceithre bliana, ón mhí seo caite.

Imríonn McCarthy, atá 27 bliain d’aois, do Shamrock Rovers agus do Phoblacht na hÉireann.

Bhí baint aici le himbhualadh dhá ghluaisteán in aice leis an teorainn idir Luimneach agus Ciarraí Dé Domhnaigh.

Baineadh McCarthy, atá as Lios Tuathail (Listowel), Contae Chiarraí, amach as a charr ag daoine a bhí ag dul thart.

Cuireadh san ospidéal í le gortuithe tromchúiseacha cos.

Tá sé deimhnithe ag foinsí iomadúla (multiple) de chuid na nGardaí gurbh í an t-aon duine a bhí ina carr ag an am, dar leis an Irish Daily Mail.

Bhí beirt fhear sa charr eile, SUV, a bhí sna 40idí agus 50idí.

Cuireadh an bheirt acu san ospidéal le gortuithe nach raibh bagrach don bheatha.

An mhí seo caite dúirt breitheamh le McCarthy go raibh sí ‘thar a bheith meargánta’ (reckless), agus tugadh cosc ​​tiomána ceithre bliana di tar éis ciontú ar chúisimh thiomána gan árachas ná ceadúnas a d’eascair as dhá eachtra ar leith (two separate incidents).

I gCúirt Dúiche Lios Tuathail, an 5 Meán Fómhair, cuireadh cosc ​​uirthi tiomáint.

D’ardaigh ceisteanna ar cheart di a bheith as an mbóthar cheana féin de bharr a méid pointí pionóis a bhí aici.

Thug an Breitheamh David Waters rabhadh do McCarthy an lá sin, go gcuirfí i bpríosún í dá ngabhfaí í ag tiomáint arís agus í dícháilithe, de réir tuairisce sa nuachtán, Kerryman.

Chuala an chúirt go raibh McCarthy dícháilithe ó bheith ag tiomáint gan árachas agus as tiomáint gan cheadúnas mar gheall ar bhailiú pointí pionóis.

Dúirt a haturnae Brendan Ahern nach raibh a fhios aici gurb é sin an cás, dá bhrí sin gur thiomáin sí dhá uair gan cheadúnas.

Dúirt an Breitheamh Waters, áfach, go raibh claonadh aige gan í a chreidiúint.

"Tá amhras láidir orm go raibh a fhios aici go díreach nach bhféadfadh sí a bheith ar an mbóthar," a dúirt sé.

Dúirt an tUasal Ahern gur chuir McCarthy glaoch ar an gcomhlacht árachais tar éis do ghardaí stop a chur léi, mar sin ní raibh a fhios aici.

Dúirt an breitheamh nach cosaint é gan an dlí a bheith ar eolas ag duine.

Dúirt an tUasal Ahern go raibh polasaí árachais aici ach go raibh sé neamhbhailí toisc go raibh sí dícháilithe ó thiomáint.

Dúirt urlabhraí do Shamrock Rovers: "Tá an club ag fanacht le scéala faoi riocht Savannah, tá a fhios againn go bhfuil tacaíocht leighis den scoth á fáil aici agus tá súil againn go mbeidh gach rath uirthi."

Is cosantóir cumasach í McCarthy agus d’imir sí deich n-uaire don fhoireann náisiúnta.

Bhí sí le himirt i gCorn Domhanda na mBan FIFA anuraidh ach gortaíodh í.

Chaith sí tamall le Glasgow City áit ar chuidigh sí leis an gclub 11 sraithe as a chéile a bhuachan.

D’fhill sí ar Éirinn agus shínigh sí do Cork City i 2018, ag buachan Imreoir na Bliana ina céad séasúr.

Chuaigh sí isteach arís ansin le Galway WFC áit ar chaith sí trí bliana sular bhog sí go Shamrock Rovers anuraidh.

* This article was originally published on ExtraG.ie.