Tá iarbhainisteoir peile Átha Cliath Pat Gilroy tar éis éirí as a phost mar stiúrthóir i bPáirc an Chrócaigh.
Dúirt an t-iarbhainisteoir go bhfuil imní air faoi thionchar airgeadais atá ag dul i méid laistigh den CLG.
Dúirt Gilroy gurb é sin an chúis atá lena imeacht ón ról sinsearach sa CLG.
Threoraigh Gilroy, ó chlub Naomh Uinseann, Baile Átha Cliath chuig rath sa Chraobh na hÉireann mar bhainisteoir i 2011.
Tá creidiúint ag dul dó as na Dubs a thabhairt ar ais ar barr sa pheil, roimh theacht isteach Jim Gavin.
Agus le déanaí bhí sé mar chuid d’fhoireann seomra cúil Dessie Farrell nuair a bhuaigh Áth Cliath Corn Sam Maguire i 2023.
Bhí sé ag fónamh ar bhord Pháirc an Chrócaigh le ceithre bliana anuas freisin.
Agus chomh maith le bheith ina oifigeach CLG a bhfuil ardmheas air, tá aithne ar Gilroy as a scileanna gnó.
Mar sin féin, dúirt sé thar an deireadh seachtaine nach bhféadfadh sé leanúint ar aghaidh ina ról leis an CLG.
Dúirt sé go bhfuil sé imníoch, agus go bhfuil moltaí d’íocaíochtaí do bhainisteoirí ag cur isteach air.
Read more
"Le trí nó ceithre mhí anuas, tá an CLG ag dul síos bóthar nach dóigh liom go bhfuil sé ag luí le cad ba cheart don eagraíocht a bheith," a dúirt sé leis an Irish Mirror.
"Is iad na rudaí is cúis imní dom ná an chaint seo ar bhainisteoirí a íoc, agus úsáid Pháirc an Chrócaigh.
"Táim ar fad ar son cabhrú le daoine cosúil leis an rugbaí agus iad i dtrioblóid.
"Ach, má thosaímid ag déanamh rudaí le haghaidh airgead, cuireann sé sin imní orm mar is é an rud atá luachmhar faoin CLG ná an stádas amaitéarach," a dúirt Gilroy.
"Tá sé uathúil (unique) ar fud an domhain agus tá sé á reáchtáil chomh daonlathach – ó na clubanna go dtí na Boird Chontae, na cúigí agus an Phríomh-Chomhairle.
"Tá struchtúr luachmhar, uathúil daonlathais againn nach bhfuil mórán tionchar ag an airgead air, ach tá airgead ag teacht isteach," a dúirt Gilroy.
Le déanaí chuir Uachtarán an CLG, Jarlath Burns, an smaoineamh chun cinn maidir le conarthaí íoctha do bhainisteoirí idirchontae.
Dúirt Gilroy go bhfuil sé buartha faoi sin, agus na fadhbanna a d’fhéadfadh sé a chur faoi deara idir bainisteoirí agus a gcuid imreoirí gan phá.
Dúirt sé: "An smaoineamh go ndéanfaí íocaíocht ghinearálta do bhainisteoirí, an smaoineamh go mbeadh bainisteoir íoctha ag Áth Cliath ag seasamh os comhair imreoirí nach bhfuil á n-íoc.
"Ní féidir liom glacadh leis sin.
"Ní féidir liom a bheith mar bhall de bhord Pháirc an Chrócaigh a mbeidh orthu, sa deireadh, níos mó airgid a dhéanamh chun é seo a mhaoiniú."
Thug sé rabhadh: "Níl cearta teilifíse againn a íocfaidh as spórt gairmiúil.
"Caithfidh muid a bheith cúramach nach n-osclaíonn muid bosca Pandora agus nach mbeidh cluiche gairmiúil againn.
"Ní dóigh liom gur mian le duine ar bith é sin i ndáiríre, ach d’fhéadfadh go mbeadh daoine sa chúlra a dteastaíonn uathu é."
Read more
* This article was originally published on ExtraG.ie.