Tá cáineadh déanta ar an iris Forbes ar phíosa tuairime faoi Nicola Coughlan i Bridgerton, agus í i "mixed weight romance".
Dúirt an t-alt nach bhfuil daoine "réidh fós" chun beirt i "mixed weight romance" a fheiceáil ar an scáileán cé go bhfuil an-tóír ar "Bridgerton".
Dúirt an píosa, le Virgie Tovar, gur dhírigh ‘saineolaí ar chlaonadh meáchain’ ar an ngaol idir na carachtair Penelope Featherington agus Colin Bridgerton – siad sin na haisteoirí Coughlan, atá 37, agus Luke Newton, atá 31.
Dúirt Tovar, 42, faoin gcaidreamh ar an scáileán: "It defied romance plotline convention", mar is cosúil go bhfuil Ms Coughlan "níos mó" ná Newton.
Ach spreag úsáid Tovar as an bhfrása "mixed weight romance", agus í ag caint faoi Coughlan, cáineadh ó léitheoirí.
Cheistigh go leor daoine, cén fáth ar ghá aird a thabhairt ar a meáchan.
Chuaigh lucht leanúna Coughlan chuig X, chun an scríbhneoir agus an foilseachán Forbes a cháineadh.
D’fhiafraigh roinnt daoine cén fáth ar úsáideadh an lánúin atá chun tosaigh ag "Bridgerton" mar shampla de ‘mixed-weight romance’.
D’fhiafraigh duine amháin, cén fáth nár scríobhadh ailt ar bith faoi fhir mhóra ag dul amach le mná níos lú i seónna agus scannáin.
"What the f*** is a mixed weight relationship?" a d’fhiafraigh an t-úsáideoir.
Agus spreag Coughlan sraith alt amhrasach faoina ról sa tsraith iomráiteach.
Bhí alt sa Guardian ag rá go raibh sí "a little bit fat and a lot hot", agus de réir alt sa Spectator, "she is not hot".
Dúirt siad freisin nach bhfuil scéal faoi ‘chailín saille a fhaigheann an prionsa’ inchreidte, agus iad ag scríóbh faoi ról Coughlan.
Chuir sé sin fearg freisin ar lucht leanúna na sraithe teilifíse atá an-tóir air.
* This article was originally published on ExtraG.ie.
Comments