Tá Sofia, arb as Corcaigh di, ag ullmhú le taisteal go Cathair Mheicsiceo do bhabhta ceannais an 73ú Miss Universe, tar éis di comórtas na hÉireann do 2024 a bhuachan i gcoinne 26 iomaitheoir eile.

Theith a tuismitheoirí agus beirt deartháir go hÉirinn ón gcogadh san Iúgslaiv, mar a bhí, breis is 22 bliain ó shin, agus d’fhág siad gach rud ina ndiaidh.

Gan ach a gcuid éadaí, bhí orthu tosú arís agus a saol a thógáil anseo, agus creideann siad Éire as an "dara seans ar an saol" a thabhairt dóibh.

Tar éis di a hArdteistiméireacht a chríochnú, chríochnaigh Sofia PLC agus shocraigh sí staidéar a dhéanamh ar an gcoireolaíocht (criminology) i UCC.

Cé gur bhain sí taitneamh as a cuid ama sa choláiste, bhí sí féin agus a máthair Biljana gan dídean.

"Sílim go raibh sé 15 mí ar fad… bhíomar ag fanacht le daoine eile nó ag fanacht le mo chairde," arsa Sofia.

"Bheinn le mo mháthair agus bheadh ​​uirthi dul agus fanacht le duine dá cairde agus bheadh ​​orm dul ag fanacht le duine eile.

"Cailleann tú d’áit sa tsochaí. Cuirtear do shaol ar sos agus caithfidh tú smaoineamh ar bhealaí le do shaol a atosú.

"Mar sin tá mo ghuth ar son an athraithe bunaithe ar an leithlisiú sóisialta (social isolation) a bheadh ​​ag inimircigh nó ag daoine gan dídean."

Thar an tréimhse sin, agus í ar lorg tí, agus gan a fhios aici cad a tharlódh ó sheachtain go seachtain, bhí Sofia ag iarraidh a cuid scrúduithe coláiste a dhéanamh freisin.

Deir sí go raibh an t-ádh orthu i gcónaí tolg a aimsiú agus nach raibh siad ar na sráideanna riamh.

Sa bhliain 2021, fuair Sofia agus a máthair teach ar deireadh, ach d’athraigh na 15 mhí sin a dearcadh ar an saol agus cad ba mhaith léi a dhéanamh leis.

"Caithfidh daoine a bheith níos buíche as na rudaí beaga atá acu. Ní rud beag é díon a bheith agat thar do cheann… só (luxury) is ea é i ndáiríre," a dúirt sí.

Ar feadh na mblianta, spreag máthair Sofia í chun dul isteach i gcomórtas áilleachta agus, sa deireadh, chuir sí iarratas isteach thar a ceann.

Agus í meáite ar an teideal Miss Universe Ireland a bhaint amach agus ionadaíocht a dhéanamh ar a tír, bhí Sofia san iomaíocht i roinnt comórtas sular bhain sí an choróin amach an mhí seo caite.

*This article was originally published on ExtraG.ie.