Tá aithne againn ar Kerry Condon mar dheirfiúr Colin Farrell i "The Banshees of Inisherin," ach ní raibh a fhios againn gur ghin a glór $8 billiún.

Is í Condon, as Tiobraid Árann, a raibh ról aici i "Better Call Saul" freisin, a bheidh mar réalta in san scannán móréilimh (blockbuster) is mó sa bhliain seo chugainn le Brad Pitt.

Beidh Condon sa scéinséir aicsean (action thriller) "F1", ar Apple TV, ach chomh maith leis sin, is í an t-aisteoir Éireannach í cheana féin a thug isteach an méid is mó airgid i scannáin riamh, mar gheall ar a ról i scannáin de chuid Marvel.

Bhí Condon ina réalta mar ghuth an chúntóra AI "Iron Man" FRIDAY i gcúig scannán Marvel, a thug isteach níos mó ná $8 billiún (€7.3bn).

Tá $8.27 billiún tuillte ag a cuid scannán le chéile, dar leis an suíomh Gréasáin CSGOLuck.

Fágann sin go bhfuil Condon sa cheathrú háit ar thallann aisteoireachta na hÉireann, taobh thiar de Liam Neeson ($11.6 billiún), Michael Gambon ($8.55 billiún) agus Domhnall Gleeson ($8.38 billiún). Gambon agus Gleeson mar gheall ar "Harry Potter."

D’inis Condon gur le déanaí a bhuail sí leis an réalta Ironman, Robert Downey Jnr, in ainneoin gurb í a ghuth AI an oiread sin uaireanta.

Nuair a bhuail sí leis, "bhí sé “surreal” agus greannmhar mar bhí mé ag rá: "Seo mise! Bhí mé an guth sin an t-am ar fad!

"Eispéireas craiceáilte a bhí ann domsa mar níor shíl mé riamh go mbeadh an oiread sin scannán ann.

"Shíl mé nach raibh ann ach an gig amháin, agus an chéad rud eile, bhí mé á thabhairt ar ais arís agus arís eile."

Dúirt sí freisin, cé gurb é a guth an rud deireanach a chloiseann Tony Stark (Downey Jnr) sa scannán, ní dúradh léi go cinnte go bhfuil sé marbh.

"Ní fhaighim an script. Ní insíonn siad dom toisc go bhfuil sé chomh rúnda. Ar m’fhocal, chuirfeadh sé chun óil thú," a dúirt sí agus í ag gáire.

Ainmníodh Condon le haghaidh Oscar dá ról i "The Banshees of Inisherin" ach léiríonn tréiléar a scannáin nua, "F1,"  go mbeidh sí lárnach i mbeartas an scannáin nua mórbhuiséid.

* This article was originally published on ExtraG.ie.