Tá Coldplay ag mealladh lucht leanúna nua in Éirinn trí mheas a léiriú don Ghaeilge – agus tar éis do Chris Martin tús a chur leis an gcóisir lá go luath i mBaile Átha Cliath.

Tá Coldplay ag seinm cheithre cheolchoirm i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, don chéad uair anseo ó 2017, agus tá siad ag dul i bhfeidhm ar mhuintir na háite cheana féin.

Ar dtús, bhí áthas ar Ghaeilgeoirí, a bhí ag an gcéad cheolchoirm Coldplay den cheathrar i bPáirc an Chrócaigh, a fheiceáil go raibh na comharthaí digiteacha i nGaeilge agus i mBéarla.

Bheifí ag súil, sa lá atá inniu ann, go mbeadh an meas sin ar an nGaeilge in Éirinn de ghnáth, ach faraor tá a fhios againn nach mar sin atá an scéal.

What a pleasure to be back in Baile Átha Cliath. Four shows in the temple of the GAA in front of 82,000 Dubliners in full voice is the perfect way to finish this leg of the tour. W. X pic.twitter.com/FCof3hgPhD

— Coldplay (@coldplay) August 29, 2024

Thosaigh na sceitimíní ar Coldplay i mBaile Átha Cliath oíche Chéadaoin nuair a shroich an t-amhránaí Chris Martin Sráid Grafton, cosnochta.

Bhailigh slua ollmhór i lár na cathrach nuair a thosaigh ráflaí ag dul timpeall go mbeadh Máirtín ar Shráid Grafton.

Chan sé an t-amhrán nua atá  ag Coldplay,  We Pray, agus bhí roinnt amhránaithe eile ann freisin – iad siúd atá ag canadh le Coldplay ar an amhrán.

Ba iad sin an t-amhránaí Nigéir (Nigeria) Burna Boy, amhránaí na hAirgintíne Tini, an t-amhránaí Palaistín-Sile (Palestinian-Chilean) Elyanna agus an rapper Sasanach Little Simz.

Bhí Martin i bhfoirm mhaith, ag comhrá leis an slua agus ag rá leo: "Ná bíodh cúthail (shy) ort agus bí ag canadh."

WE PRAY. Grafton Street, Dublin. Magic moment with @burnaboy, @LittleSimz, @Elyanna, @TiniStoessel. Thanks to everyone who showed up, and to TikTok for helping to make it happen. pic.twitter.com/e6aCr5rUTp

— Coldplay (@coldplay) August 29, 2024

Ansin nuair a bhailigh an slua ollmhór i bPáirc an Chrócaigh don chéad cheolchoirm le Coldplay, oíche Déardaoin, bhí siad á stiúradh ag comharthaí ollmhóra i nGaeilge agus i mBéarla.

Eolas bunúsach a bhí ann, mar shampla:

"Le do thoil, tabhair ar ais do bhanda rosta ar an slí amach d’athchúrsáil (recycling)."

coldplay really said tír gan teanga, tír gan anam pic.twitter.com/3kCZH68PYg

— leah ní mhurchú (@lnimhurchu) August 29, 2024

Ar ndóigh b’fhéidir go raibh baint éigin ag an CLG leis seo, ach caithfimid sochar an amhrais (benefit of the doubt) a thabhairt do Coldplay.

Tá Martin agus Coldplay i mBaile Átha Cliath le haghaidh cheithre cheolchoirm i bPáirc an Chrócaigh mar chuid dá gCamchuairt domhanda, Music of the Spheres.

* This article was originally published on ExtraG.ie.