Cibé rud a tharlóidh le Kellie Harrington sna Cluichí Oilimpeacha, beidh Céad Míle Fáilte speisialta aici nuair a thiocfaidh sí abhaile.

Tá sí "ag tnúth go mór le go leor cuimhní cinn iontacha" a dhéanamh lena bean chéile Mandy tar éis na gCluichí Oilimpeacha.

Agus thug laoch na dornálaíochta spléachadh taobh istigh dá teach nua-athchóirithe (newly renovated), dá lucht leanúna.

Roinn an buaiteoir bonn Óir Oilimpeach sraith gearrthóg laistigh den teach nua-athchóirithe, ag rá gur thóg a dteach go leor ama agus oibre – ach b’fhiú é.

Is cinnte gur athraigh an obair chrua an teach go hiomlán, mar is léir ó na hathruithe ar an halla agus ar an mbealach isteach, sna pictiúir anseo.

Agus tá gné ar leith ag an doras tosaigh bándearg, le binse taobh amuigh, gné go speisialta do Kellie – bosca litreacha dubh a bhfuil na cúig fháinne Oilimpeach air.

Taobh istigh, chuaigh Kellie agus Mandy le haghaidh éifeacht mhonacrómach (monochrome effect), le tíleanna dubh agus bán agus ballaí agus doirse bána.

Roinn Kellie roinnt gearrthóga (clips) ó na hathchóirithe (renovations) freisin, lena n-áirítear pictiúr di féin ag baint an phéint as an mballa lasmuigh chun bloic iontach a nochtadh.

Is gné álainn anois na bloic den taobh amuigh de bhaile Kellie agus Mandy.

"Fís a thóg am, fís a dúirt go leor go raibh mé as mo mheabhair a dhéanamh, ach fís a bhfuil áthas orm go bhfuilimid ag tabhairt i gcrích," a scríobh an dornálaí Oilimpeach.

"Táim ag súil go mór le go leor cuimhní cinn iontacha a dhéanamh le @mandypandie_pie tar éis na gCluichí Oilimpeacha.

"Home is wherever and what you make it," a dúir Kellie.

Kellie and Mandy in 2020. (@kelly_harrington14, Instagram)

Kellie and Mandy in 2020. (@kelly_harrington14, Instagram)

Fuair sí go leor teachtaireachtaí comhghairdeas ó go leor daoine cáiliúla.

Mhol an dearthóir baile teilifíse Dermot Bannon an saothar agus scríobh sé: "Maith thú!!!!"

Dúirt iar-réalta chamógaíochta Chorcaí Anna Geary: Aaaaaamazing @kelly_harrington14. "Níl aon tinteán mar do thinteán féin."

Kellie Harrington with her Olympic gold medal in 2021. (RollingNews.ie)

Kellie Harrington with her Olympic gold medal in 2021. (RollingNews.ie)

Tá an dornálaí as Portland Row ag iarraidh a dara bonn óir Oilimpeach as a chéile a fháil sa chatagóir 60kg i bPáras i mí Lúnasa.

Tosaíonn na Cluichí ar 26 Iúil agus chomh maith le Kellie, tá cúigear dornálaí Éireannacha eile cáilithe.

Is iad Michaela Walsh (57kg), Aoife O’Rourke (75kg), Dean Clancy (63.5kg), Jack Marley (92kg), agus Jude Gallagher (57kg).

Seo é an chéad uair ag foireann na hÉireann na ranganna meáchain ban ar fad a líonadh.

* This article was originally published on ExtraG.ie.