Tabharfaidh comhlacht nua seans leathanbhanda níos fearr do na mílte custaiméir i gceantair Ghaeltachta.

Tuigfidh éisteoirí Adhmhaidin agus cláir nuachta eile ar Raidió na Gaeltachta go maith na fadhbanna leathanbhanda atá ag go leor daoine sna Gaeltachtaí.

Roimhe seo bhí Údarás na Gaeltachta agus Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ag soláthar leathanbhanda snáithín-optaice ardluais faoi Phlean Náisiúnta Leathanbanda an rialtais.

Bhí siad ag dul i gcomhpháirtíocht chun ardluas a chur ar fáil do thithe cónaithe agus gnólachtaí i gceantair Ghaeltachta.

Mar sin féin, tá luasanna níos tapúla ar an mbealach do 40,000 custaiméir leathanbhanda – agus beidh siad ina gcabhair mhór do mhuintir na Gaeltachta.

Rinneadh comhaontú líonra snáithíní nua idir an chuideachta Imagine agus Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann (National Broadband Ireland, NBI).

Beidh an chuid is mó d’úsáideoirí Imagine anois in ann luasanna idir 500 mbps agus 1gbps a fháil i gcomparáid leis an mbarrluas reatha de 150 mbps ar an gcóras seasta gan sreang.

Cheannaigh Team Group, atá lonnaithe san Airméin, sciar tromlaigh in Imagine agus dúirt na húinéirí nua go n-uasghrádóidh siad an líonra go snáithín agus go bhfeabhsóidh siad cáilíocht agus cobhsaíocht na seirbhíse.

Duirt an príomhfheidhmeannach Imagine Niall Tallon: "Trí athrú go snáithín tá ár gcustaiméirí ag fáil seirbhís den scoth ar chostas inchomparáide, agus an chuideachta ag iarraidh a raon agus a thairiscint a leathnú."

Dúirt Peter Hendrick, ceannaire an NBI: "Cinnteoidh ár bhfeidhmiú céimneach go mbeidh rochtain ag gach teach, feirm agus gnó in Éirinn ar leathanbhanda snáithín ardluais.

"Tá os cionn 337,440 áitreabh againn ar fud na tíre anois, agus beidh an ráthaíocht chéanna acu seo go léir maidir le rochtain, luas agus iontaofacht."

*This article was originally published on ExtraG.ie.